Luke 1

Do bhrígh gur ghabhadar mórán do láimh sdair do sgríobhadh air na neithibh agá bhfuil a sáirfhios aguinne, Do réir mar thugadar na dáoine do chonnairc lé na súilibh rein ó thús, agus do bhí ag miniosdrálachd na bréithre, dhúinne íad; Do chonncas damhsa mar an gceudna, a Theophilus ro oirdheirc, ar bhfagháil feasa iomlan gach uile neithe ó na bhfíorthosach dhamh, a sgríobhadh chugadsa a nórdughadh, Do chum go mbía deimhin na mbriathar, do múineadh dhuit agad Re linn Iorúaith, rí thire Iúdaighe, do bhí sagart airighe dár bhainm Sacharías, do sheal Abía: agus a bhean dingheanuibh Aaróin, agus, Elísabet do baimn dhi. Agus do bhádar a ráon nit ndáoinibh fíreanta a bhfíadhnuisi Dé, ag siobhal go neimhchiontach ann uile aitheantuibh agus órduighthibh an Tighearna. Agus ní raíbh, shiochd orrtha, do bhrígh go raibh Elisábet aimrid agus go raibh áois mhór aca ar áon. Agus tárla, an tan do bhí sé ag déanamh oifige an tsagairt a bhfiadhnuisi Déann a sheal fein, Do réir ghnáthuighthe oifige an tsagairt, go ráinic dhó an túis do losgadh tar éis dul a sdeach go teampoll an Tighearna dhó. 10 Agus do bhí coimhthionól an phubail uile ag déanamh úrnuighe a muigh a naimsir na túise. 11 Agus do taidhbhreadh dhó aingeal an Tighearna na sheasamh ar an dtáoibh ndeas daltóir na túise. 12 Agus ar na fhaicsin do Shacharías, do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus do ghlac eagla é. 13 Achd a dubhairt an taingeal ris, Ná bíodh eagla ort, a Shacharías: óir do héisdeadh húrnuighe; agus béaruidh do bhean Elisábet mac dhuit, agus do bhéara tú Eóin mar ainm air. 14 Agus budh gáirdeachus agus lúathgháire dhuit é; agus biaidh lúathghaire ar mhóran fa na bhreith. 15 Oir bíaidh sé na dhuine mhór a bhfíadhnuisi an Tighearna, agus ni íobha sé fíon na deoch láidir; agus fós bíaidh sé lan don Spiorad Náomh, ó bhroinn a mháthar. 16 Agus fillfidh sé mórán do chlannuibh Israél chum an Tighearna a Ndia féin. 17 Oir géubhaidh seisean roimhesan a spioraid agus a shubháilce Elias, dfilleadh chroidheadh na naithreach chum na cloinne, agus na neasmhal chum gliocuis na dáoine gcomhthrom; agus dullmhughadh phobuil dhiongmhálta don Tighearna.

18 ¶ Agus a dubhairt Sacharías ris an aingeal, Cionnas bhías a fhios so agamsa? óir a táim um dhuine arsuidh, agus a tá áois mhór ag am mhnáoi. 19 Agus ar bhfreagra don aingeal a dubhairt sé ris, Is misi Gabríel, sheasas a bhfíadhnuisi Dé; agus do cuireadh mé do labhairt riotsa, agus dinnsin na núaidheachd maith so dhuit. 20 Agus, féuch, bíaidh tú gan úrlabhra, agus ní bá héidir leachd labhairt, go soithe an lá an a dtiocfaid na neithe so chum críche, do bhrígh nar chréid tu dom bhríathraibhsi, noch coimhlíonfuighear na nam féin. 21 Agus do bhí an pobal ag fuireach ré Sacharías, agus do biongnadh léo an fad do fhan sé sa teampoll. 22 Agus ar ndul a mach dhó, nír bhéidir leis labhairt ríu: agus do aithnigheadar go bhfacaidh sé taidhbhsi sa teampoll: óir do sméid sé orrtha, agus do fhan sé balbh. 23 Agus tárla dhó, an tan do coimhlionadh laéthe a mhiniosdrálachda, go ndeachaidh sé dhá thigh féin.

24 ¶ Agus tar éis na laethesi, do toirrcheadh Elisabet a bheansân, agus do fholaigh si í féin ar feadh chuig mios, ag rádh, 25 Oír is mar so do rinne an Tighearna rium ann sna laethibh an ar fhéuch sé oram, do thógbháil mo neimhcheana dhiom a measg na ndáoine.

26 ¶ Agus an sa seisiodh mi, do cuireadh an taingeall Gabríel ó Dhía go cathruigh don Ghalilé, dár bainm Násaret, 27 Dionnsuighe óighe ar a raibh ceart ag fear do thigh Dháibhí, dár aínm Ióseph; agus do bé do bainm do nóigh, Muire. 28 Agus ar ndul a sdeach dit hionnsuighe do naingeal, a dubhairt se, Dia do bheatha a ógh roghrásamhuil: a tá an Tighearna maille riot: is beannuighe thú eidir na mnáibh. 29 Agus an tan do chonnairc sí é, do bhí sí ar na búaidhreadh fá na bhriathraibh, agus do bhí sí ag smúaineadh créd an ghné bheannughtheaso. 30 Agus a dubhairt an taineal ria, Ná bíodh eagla ort, a Mhuire: óir fúair tú grása ó Dhía. 31 Agus, féuch, bíaidh tú torrach ad bhruinn, agus béaraidh tú mac, agus do bhéara tú IOSA dainm air. 32 Bíaidh se mór, agus goirfidhear Mac an té is Airde dhe: agus do bhéura an Tighearna Día caithír Dháibhí, athar féin dhó. 33 Agus bíaidh sé na righ ar thigh Iácob go bráth; agus ní bhía deireadh ar a ríoghachd. 34 Agus a dubhairt Muire ris a naingeal, Cionnas bhías so, óir ní bhfuil fios fir agamsa? 35 Agus ar bhfreagra do naingeal a dubhairt se ría, Tuirléonguidh an Spiorad Náomh ort, agus foiléochaidh cumhachda an té as Airde thú: uime sin an ní náomhtha bhéaras tú goirfighear Mac Dé dhe. 36 Agus, féuch, Elisabet do shiur, a tá sisi leis torrach air mhac ann a hárrsuigheachd: agus is sé so an seisiodh mí don mhnáoi úd, dá ngoirthear bean aimrid. 37 Oír ní bhía ní ar bith doidhéunta do Dhia. 38 Agus a dubhairt Muire, Féuch, banóglach an Tighearna; teagmhadh dhamhsa do réir do bhréithrisi. Agus do imthigh an taingeal úaithe.

39 ¶ Agus an tan do éirigh Muire ann sna laéthibh sin, do chúaidh sí go dheíthneasach chois sléibhe, go cathraigh Iúda; 40 Agus do chúaidh sí a steach go tigh Shacharías, agus do bheannaigh si Délisabet. 41 Agus tarla, mar do chúalaidh Elisabet beannughadh Mhuire, gur bhíog an náoidheanán ann a broinn; agus do bhí Elisábet air na líonadh don Spiorad Naomh. 42 Agus do éigh sí do ghuth mhór, agus a dubhairt si, Is beannaighthe thú eidir na mnáibh, agus is beannaighthe toradh do bhronn, 43 Agus cionnus do éirigh so dhamsa, go dtiocfadh matháir mo Thighearna féin chugam? 44 Oir, féueh, comhlúath is tháinic fúaim do bheannaighthe am chlúasaibh, do bhíog an náoidheanán lé gáirdeachus ann mo bhroinn. 45 Agus is beannaighthe au bhean do chreid: óir coimhlionfuidhear na neithe do gheall an Tighearna dhi.

46 ¶ Agus a dubhairt Muire, Adhmolaidh manam an Tighearna, 47 Agus do ní mo spiorad gáirdeachus a Ndía mó Shlánuightheóir. 48 Do bhrígh gur fhéuch sé ar úmhla a bhanóglaighe féin: oír, féuch, ó so súas goirfid na huile chine beannuighthe dhíom. 49 Oir do rinne an té a tá cumhachdach neithe móra dhamhsa, agos is náomhtha a ainm. 50 Agus a tá a thrócaire ó dhíne go díne don dréim ar a bhfuil a eagla. 51 Do rinne sé gníomh láidir lé na láimh; do spréigh sé na dáoine úraibhreacha a smúaintighe a gcroidheadh féin. 52 Do tharruing sé na dáoine cumhachdacha as a gcaithiribh, agus do árduigh sé na dáoine umhla. 53 Do líon sé na dáoine ocracha lé, neithibh maithe; agus do chuir sé úadh na dáoine saidhbhre folumh. 54 Do thóg sé súas Israél a shearbhfhoghantuidhe féin, do chuimhniughadh ar a thrócaire; 55 (Mar do labhair sé ré ar naith-reachuibh, Abraham, agus ré na shíol go bráth.) 56 Agus do fhan Muire na fochair timcheall thrí míos, agus do fhill sí dhá tigh féin.

57 ¶ Agus táinic ionbhuidh Elisabet ion ar mhídhid dhigh breath; agus rug sí mac. 58 Agus do chúaladar a comharsain agus a dáoine gáoil, gur fhoillsigh an Tigh­earna a thrócaire mhór féin di; agus do rinneadar gáirdeachus má ráon ria. 59 Agus tárrla, go dtangadar air a nochdmhadh lá do chum go ndéanaídís an náoidhe do thimcheallghearrádh; agus do ghoireadar Sacharias de, do reir anma a athair. 60 Achd ar bhfreagra dhá mháthair a dubhairt sí, Ni hámhluidh bhías; achd Eóin goirfidhear dhe. 61 Agus a dubhradar ría, Ní bhfuil éannduine dod chineadh dá ngoirthear an tainmsi. 62 Agus do rinneadar comhartha dhá athair, créd an tainm bá mían leis do thabhairt air. 63 Agus ar níarruidh cláir sgriobhtha dhosan, do sgríobh sé, ag rádh, Is Eóin is ainm dhó. Agus do ghabh iongantus íad uile. 64 Agus ar an mball do hosgladh a bhéulsan, agus a theanga, agus do labhair sé, ag moladb Dé. 65 Agus do ghabh eagla a gcomharsuin uile: agus do haithriseadh na neithe so uile chois tsléibhe thíre Iúdaighe uile. 66 Agus gach uile dhuine dhá gcúalaidh sin, do chuireadar a dtaisgidh an a gcroidh­thibh féin iad, ag rádh, Créd é an sórt leinibh bhias so! Agus do bhí lámh an Tighearna maille ris. 67 Agus do bhí Sacharías athair, lán don Spíorad Náomh, agus do rinne sé faidheadóireachd ag rádh, 68 Go madh beannaighe au Tighearna Día Israel; ar son gur fhiosruigh sé agus gur fhúasgail sé a phobal féin, 69 Augs do thóg sé súas adharc na sláinte dhúinne a dtigh Dháibhi a shearbh­fhoghantuidhe féin; 70 Do réir mar do labhair sé tré bhéul a fháidheadh náomhtha féin, do bhí ann ó thús an domáin: 71 Ga gcuimhdéochadh sé sinn ó ar ­naimhdibh, agus ó láimh gach uile dhuine agá bhfuil fúath dhuinn; 72 Go ndéanadh sé trócaire air ar naith­reachuibh, agus go gcuimbnéochadh sé a thiomna náomhtha féin;­ 73 Agus ar an mionna lé a dtug sé móid Dábrahám ar nathairne, go dtiubhradh sé dhúinn, 74 Go mbémís gan eagla air ar sáoradh ó láimh ar námhad do chum seirbhisi do déanamh dhó féin, 75 A náomhthachd agus a bhfíréantacld na fhíadhnuisiséan, a laéthibh ar mbeatha uile. 76 Agus tusa, a leinibh, goirfithear diot faídh an té as Airde: óir rachuidh tú roimh aghaidh an Thighearna dullmhughadh a shligheadh; 77 Do thabhairt éolus na sláinte dá phobal tré mhaitheamhnus na bpeacadh, 78 Tré thrócaire ro mhóir ar Ndia féin; lér fhiosruigh sinn ag éirghe ón ionad árd, 79 Do thabhairt soillsi don droing do bhí na suidhe a ndorchadas agus a sgáile ­an bháis, agus do dhíorghadh ar gcos a slighe na síothchána. 80 Agus do fhás an leanabh, agus do neartuigheadh é a spíoruid, agus do bhí sé ar na fásuighibh go soithe an lá an ar fhoillsigh sé é féin Dísraél.

Copyright information for IriODomhnuill