Luke 12

Iarfa Chriosd an fhirinn a theagasc gan fhaitchios, 36 bí deas fa chomhair buille an bháis, 54 agus gur baoghlach, reiteach agus uáir an ghrás, do leigheann thort gan tarbha.

Fa a námsin, ar mbeith do phubal gan airmheadh ar na ccomhchruinniufgadh, ionnus go rabhadar ag saltairt ar a chéile, do thionnsgain sé a radh re na dheisciobluibh ar tús, Comhéaduigh sibh féin ar laibhin na Bhphairsineach, eadhon an fuarchrabhadh. Oír ní bhfuil einní foluightheach, nach dtiocfuidh chum sóillsi; ná seicreideach, nach bhfuighthear a fhios. Ar a nadhbharsin gidh bé neithe do labhrabhair an dorchadas cluinfidhthear iád satsolus; agus gidh bé ní do labhrabhair a gcluáis a seómruidhibh uaígneacha do dhéantar a ghairm ós na tighthibh. Agus a deirim ribhse a chairde, Ná biodh eagla muinntire oraibh mhárbhus an corp, agus na dhiáigh sin leis nach éidir ní sa mhó do dhéanamh. Achd foillséochaidh mé dháoibh cía ré a mbia bhur neagla: Bíodh eagla an ti úd oraibh, agá bhfuil cumhachda tair éis duine a mharbhadh a theilgean go hifrionn; a seadh, a deirim ribh, Biodh eagla so oraibh. A né nach cceannaghthear cúig gnealbhain ar dhá fheórling, agus ni bhfuil áon aca ar dearmad a bhfiádhnuise Dé? Achd fós atá gruág bhar gcinnse uile ar na comhaíreamh. Ar a nadhbharsin na bíodh eagla oráibh: as fearr sibhse ná morán gealbhan. Agus fós a deirim ribh, Gidh bé ar bith aidmheóchus misi a bhfiádhnuise na ndáoine, aidmheóchaidh Mac an duine mar an gcéadna eisean a bhfiadhnari aingeal Dé: Achd gidh bé shéanfus mise a bhfiadhnuise aingeal De. 10 Agus gidh bé laibheóras focal a naghaidh Mhic an duine, maithfighthear dhó é: achd ní maithfighear don tí laibheóras blaisphéime a naghaidh an Spiorad Náoimh. 11 Agus an tan do bhéaruíd said sibh chum na sinagóig, agus na núachdarán, agus na ndáoine gcumhachdach, na bíodh ná ro chúram oraibh cionnas no créd fhreagórtháoi, nó créd a déartháoi: 12 Oír múinfidh an Spiorad Náomh dháoibh ar a nuársin féin, na neithe is coir dháoibh do rádh.

13 ¶ Agus a dubhairt óglach áirighe don tslúagh ris, A Mhaighisdír, abair rem dhearbhrathair, a noighreachd do rionn rium. 14 Agus a dubhairt séision ris, A dhuine, cia chur misi ós bhur gcionn am bhreitheamh nó am rannadóir? 15 Agus a dubhairt sé riú, Feachaidh, agus seachnuidh sibh ar a tsaint: oír ní a níomarcuigh an tsaídhbhris atá ag duine air bith atá a bheatha. 16 Agus a dubhairt sé cosamblachd riú, ag rádh, Tug fearann dhuine sháidhbhir áirighe toradh mór: 17 Agus do smuáin sé ann féin, ag radh, Créd do dhéana mé, oir ní bhfuil áit agam ann a gcruinneocha me mo thórthuighe? 18 Agus a dubhairt sé, Do dhéana mé so: leaghfaidh mé mo sgiobóil, agus toigeabhuidh mé sgionóil bhus mó ná íad; agus cruimnéochaidh mé mo thórtha nile agus mo mháoin ionnta. 19 Agus a deara mé réim anam fein, A anaim, ata mórán máoine agad ar na gcur a dtaisge fa chomchair mhórán bliadhan; fan ad chomhnuidhe, ith, ibh, bí go súgach. 20 Agus a dubhairt Diá ris, A amadáin, a nochd féin iárfaid said hanam ort: agus cia bhus leis na neithe so, do sholáthair tú? 21 Is mar sin atá an té chrunnigheas ionnmhas dó féin, agus nach bhfuil sáidhbhir a Niliá.

22 ¶ Agus a dubhairt sé ré na dheisciobhluibh, Uime so a deirim ribhsi, Ná bidhidh, ro chúramach tá bhur gcorp, créd é an ní íosdáoi umuibh. 23 As mó an tanam ná an biádh, agus an corp ná an téadach. 24 Tabhraidh dá bhur naire ná preachaín: oír ní chuirid siás siól, agus ní bhéanuid said; agus ní bhfuili tigh sdórúis na sgioból aca; agus beathaigh Diá iád: agus a né nach fearr sibhsi go mór ná na héanlaith? 25 Achd ciá agaibhsi lé na iomad curium fhéadas áon bhannlamh a mháin do chur air airde féin. 26 Ar a nadhbharsin muna bhfuil ar bhur gcumas an ní as lugha, créd fa bhfuil cúram na neitheann eíle oraibh? 27 Tabhraidh dá bhur naire na lilidhe ciondus fhásaid said: ní dhéanuid said sáothar, agus ní shníomhuid said; achd a deirim ribh, nach raibh Solamh féin ann a ghlóir uile ar na éadughadh mar áon díobh so. 28 Agus má éaduigheann Diá már sin an fér, atá a niu ar an machaire, agus chuithear a márach ann sa núamhaifh; a né nach mó ná sin do dhéana sé dhibhse, a luchd an chreidimh bhig? 29 Ar a nadhbharsin, na fiáfruidhidhsi créd iosdáoi, nó créd iobhtháoi, agus na bíthi amharusach. 30 Oír a said na neithesi uile iárraid cinidheacha an domhain: achd atá a fhios ag bhur Nathairse go bhfuil a ríachdanas so oraibh. 31 Achd cheanna Iárruidhsi rioghachd Dé; agus teilgfidhthear na neithesi uile chuguibh. 32 Ná bíodh eagla ort, a thréd bheag; oir a si toil bhur Nathar an rioghachd do thabhairt dáoibh.

33 ¶ Réacaidh a bhfuil aguibh, agus tabhruidh déire úaibh; déannidh sparáin dhibh féin nach rachta a narsaidheachd, cisde ar nach racha caitheamh ar neamh, a náith nach dtig gaduidhe a ngar dhó, agus nach dtruáilligheann an míol críon. 34 Oír gidh bé aít iona bhfuil bhur ceisde, is am sin fós bhías bhur bhurgcroidhe.

35 ¶ Bíodh bhur leasrach ceangailte timchioll, agus bhur lóchráinn ar lasadh; 36 Agus sibh féin comhchosmhud ré dáoinibh ag fuireach ré na dthighearna, gá húair do fhillfeadh sé ón phósadh; ionnas ar dteachd agus ar mbuáladh an doruis dó, go noisgeolaidis gan fhuireach. 37 Is beannaighe na searbhfhoghantaidhe úd, do gheibh an tighearna ag déanamh faire an tan do thig sé: a deirim ribh go fírinneach, go gccangalfuigh sé é féin timchioll, agus go gcuirfidh sé iádsan na suidhe chum bidh, agus ar dteachd amach dhó go ndéanuidh sé fríothólamh dhóibh. 38 Agus má thig sé sa dara faire, agus má thig sé sa treas faire, agus go bhfuighe só mar sin iád, is beannaighe na scarbhfhoghantuighe sin. 39 Achd biodh a dheimhin só aguibh, dá mbeith a fhios ag fear an tighe cía a núair a dtiocfadh an gaduighe, go ndéanadh sé faire, agus nach bhfuilcóngadh sé a thigh féin do thollodh thríd. 40 Agus ar a nadhbharsin fós bithisi ullamh: oír is a núair nach saoiltí thiocfus Mac an duine.

41 ¶ Agus a dubhairt Peadar ris, A Thighearna, an linne a deir tú an chosamhlachd so, nó fós ré cach uíle? 42 Agus a dubhairt an Tighearna, Cía atá na fheadhmannach fhírinneach ghlic, chuirfeas a thighearna ós cionn a mhuinntie féin, ionnus go dtiobhradh sé a miosúr bidh dhóibh na am fein? 43 Is beannaighe an searbhfhoghantuidhe úd, agá bhfuighe a thighearna an tan thiocfus sé dhá dhéanamh mar sin. 44 Go fírinneach a deirim ribh, Go gcuirfe sé ós cionn a bhfuill aige é. 45 Achd má deir an seanbhfhoghantuighe úd ann a chroidhe féin, Cuirfidh mo thighearna a theachd a ríghneas; agus go dtionnsgónuidh sé gabháil ar na buáchailidh agus ná cailinidh, agus bheith ag ithe agus ag ól, agus ar meisge; 46 Tiocfa tighearna an tsearbhfhoghantuighe úd sa lá nach saoileann sé é, agus ann sa núair nach bhfuil a fhios aige, agus dealóchaidh sé úaidh é, agus do bhéara sé a chuid dhó a bhfochair na ndaoine gan chreideamh. 47 Achd an searbhfhoghantnidhe úd, agá raibh fios tola a thighearna féin, agus nar ullmhuidh é féin, agus nach dearna do réir a thola, géubhthar mórán air. 48 Achd an tí úd ag nach raibh a fhios, agus fós do rinne na neithe do thuill buillidhe, buáilfabhear beagán air. Oír gidh bé dár tugadh morán, iárrfuidhthear morán a dtaisge, iarrfuidhthear ni sa mhó air.

49 ¶ Taínic misi do chur teineadh air an talamh; agus créd eile diárrfuinn, ma atá sí ar na lasadh cheana? 50 Achd is éigin damhsa mo bhaisdeadh lé baisdeagh; agus créd a mhéd chuibhrighthear mé no go gcríochnuighthear é! 51 An sáoilti gur ab chum sióthchána do thabhairt ar an dtalamh tháinic misi? a deirim ribh, Nach eadh; achd ceannairce: 52 Oír ó so amach, béid cúigear a néintigh ar na roinn, triúr a naghuidh deisi, agus diás a naghuidh trír. 53 Biáidh an tathair a naghuidh an mhic, agus an mac a naghuidh a nathair; an mhathair a naghuidh na hiughine, agus a ninghean a naghuidh na mathara; agus mathair an fhir phósada a naghuidh a mhná, agus an bhean phósda a naghuidh mathar a fir.

54 ¶ Agus a dubhairt sé mar an gcéadna ris an bpobal, An tan do chithi néull ag éighe ón táoibh a nsiár a deirthí ar ball, Atá cioth ag teachd; agus is amhluidh bhíos. 55 Agus an tráth do chithí an gháoth ó dheas ag séideadh, a deirthí, Bíaidh teasmhach ann; agus bí sé mar sin. 56 A luchd an fhuárchrabhuigh, as éol dáoibh aghaidh neimhe agus talmhan do bhreathnughthí na naimsirse?

57 ¶ Agus, créd fá nach breathnuighthí úaibh féin créd is cóir ann? 58 Agus fós an tan théid tá réd easgcaruid chum a núachdaráin, déana do dhícheall ar slighe, air thú féin do reíteach úadh; deagla go dtairrngeadh sé chum an bhreithimh thú, agus go dtiobhradh an bhreitheamh don tsirríam thú, agus go dteilgfeadh an sirriam thú a bpriosím. 59 A deirim riot, nách dtiocfa tú a mach as sín, no go nióca tú an fheóirlinn deigheanach.

Copyright information for IriODomhnuill