Luke 14

Agus tarla, ar dteachd dhó go tighdhuine áirghe dúachdaránuibh na Bhpairísíneach a lá na sábbóidedo chaitheamh bídh, go rabhadar a coimhéd air. Agus, féuch do bhí duine áirighe a nioropuis ná fhiadhnuisi. Achd ar bhfreagra Díosado labhair sé ris an luchd dlighe agus ris ná Phairsíneachaibh, ag radh, An ceaduigheach leigheas do dhéanamh lá na sábbóide? Achd do thochdadarsan. Agus ar mbreith ar a nóglach dhósan, do leighis sé é, agus do leig sé úadh é; Agus ag freagra dhóibhsean, a dubhairt sé, Ciá aguibhsi agá dtuitfaedh a asal nó a ddhamh a ndíg, nach dtoígeabhadh a níos é a lá na sábboíde? Agus níor bheídir léo freagra do thabhairt air ann sna neithibhsi. Agus do laibhair sé cosamhlachd ris an muinntir thainic ar cuireadh, ar na thabhairt dá aire mar do bhádar ag togha an chedionuidshuighe; ag rádh riú, An tan do ghéabha tú cuireadh ó neach ar bith chum bainnsi, ná suidh ann sa chéadaít; ar eagla go bhfúair duine as onó ruighe ná thusa cuireadh úadh mar an gcéadna; Agus go dtiocfadh an tí do ghoir thusa agus eision agus go naibhéoradhsé riot, Tabhair ionad dó so; agus ann sin do thoiseóchthá maille le náire suidhe ann sa nionad is ísle. 10 Achd an tan ghoirfidhthear thú, imthigh agus suidh ann sá nionad is ísle; ionnus an tan thiocfas an títhug cuireadh ó dhuit, go naiheóradh sé riot, A chara, suidh ní áirde suás ná sin: Ann sin do gheabha tú onóir a bhfiadhnuisi a mbiá na suidhe maile riot. 11 Oír gidh bé áduigheas é féin ísleóchthar é; agus gidh bé ísligheas é féin, áirdeóchthar é. 12 Agus fós a dubhairt sé ris an té thug cuireadh dhó, An tráth do dhéanas tú dInnéir nó suipéir, ná goir do cháirde ná do dhearbhraithre, ná do dháoine gáoil, ná do chomh arsanna saidhbhre; ar eagla go dtiobhradh siadsan fós cuireadhdhuitse arís, agus go bhfúoghtheá an chomaom chéadna. 13 Achd an tan do ní tú féasda, goir na bcichd, na dáoine ciorthuimeacha, na bacaigh, agus na doill: 14 Agus biádh tú beannuighe; do bhrigh nach bhfuil acfuinn aca an chomáoin cheadna do thabhairt dhuit: ó do bhéarthar a luáidheachd dhuit a neiséirghe na bhfíréun. 15 Agus an tan do chúalaidh duine áirighe dá raibh raibh ar áonbhord ris na neithesi, a dubhairt sé ris, Is beannaighe an té itheas arán a bhflaitheas Dé. 16 Achd a dubhairt seision rís Do rinne duine áirighe suipéir mhór, agus do ghoir sé mórán: 17 A gus do chuir sé a shearbhfhoghantaidh a nam suipéir dá rádh ris an muinntir fnáir cuireadh, Tiagidh: Oir atAid na huile neithe a nois ullamh. 18 Agus do thionnsgnadar uile dáonghuth a leithsgéul do ghabháil. A ddubhairt an céadduine ris, Do cheannaigh mé fearann, agus is éigin damh dhul amach agus a fhéachain: íarruim ort gabh mo leithsgéul. 19 Agus a dubhairt fear eile, Do chéannaigh mécúig cuingealuigh do dhaimhuibh, agus atáim ag dul dá ndearbh-adhíaruim ort gabh mo gabh mo leithssgéul. 20 Agus a dubhairt fear eile, Do phós mé bean, ar a nadhbhairsin ní fhéaduim theachd. 21 Agus ar dteachd don tsearbhfoghautidhe, dinnis sé na neithesi dhá thighearna. Ann sin ar ngabháil feirge dfear an tighe a dubhairt sé ré ná óglach, Imthigh go tapuidh fá shráidibh agus tabhair leachd a sdeach annsona boichd, agus na bacaigh, agus na doill. 22 Agus a dubhairt an searbhfoghautidhe, A tighearna, do rinneadh mar a duirt, gidheadh atá ann fós. 23 Agus a dubhairt an tighearna ris a nóglach, imitigh fá ná fálfuibh, agus coimhéignidh íad do theadh a sdeach, do chum go lionfuidhe mo thigh. 24 Oír a derim ribh, Nach blaifidh, aon nduine do na fearuibh úd fuáir cuireadh dom shuipéarsa. 25 Agus do bhí slúagh mór na chuideachda: agus ar bhfilleadh dho, a dubhairt ríu, 26 Gidh bé thig chugamasa, agus nach bhfUathuigheann sé a athair, agus a mhathair, agus a bhean, agus a chlann, agus a dhearbhraithreacha, agus a dheirbhsiúreacha, agus fós a anam fein, ní heidir leis bheith na dheiscipbal agamsa. 27 Agus gidh bé nach iomchrann a chros déin, agus nach leanann mise, ní héidir leis bheith ná dheisciobal agamsa. 28 Oír cía agaibhsi duine le madh mian tor do dheanamh, nach suidhfeadh ar tús, do theilgean cuntais an chosdúis, an mbiadh acfuinn aige chum críche do chur air? 29 Ar eagla, déis na funndameinte do dhó, agus gan chumas aige críoch do chur air, go dtoiséochadh gach áon nduine dhá bhfaicfeadh é, fonomhad do dhéanamh faói, 30 Ag rádh, Do thionnsgainn an fearsa obair do chur ar siobhal, agus fhéd sé críoch do chuir uirrthe. 31 Nó cia an rí rachadh do dhéanamh coguidh a naghaidh rígh eile, nach suidhfeadh ar tús, do dhéanamh comhairle nar bhéidir leis le deich míle teagmháil don té thig na aghaidh lé fichthe míle? 32 Nó, ar mbeith dhósan fós a bhfad úadh, cuiridh sé teachdaireachd chuige, agus iarruidh sé siothcháith. 33 Mar an gcéadna, gach uile dhuine agaibhsi nach díultanndhá bhfuil aige, uí héidir dhó bheith na dheisciobal agamsa. 34 Is maith an salann: achd má bhiónn an salann gan bhlas, créd lé gcuirfidh blás air? 35 Ní bhfuil féidim air chum na talmhon, ná chum a naóiligh; teilid daoine amach é. Gidh bé agá bhfuilid clusa chum éisdeachda, éisdeadh sé.

Copyright information for IriODomhnuill