Luke 18

Fúair an bhaintreabhach a gnodhuighe le iarratus dhúthruchtach, 9 agus an Puibliocanach le urnuighe uirisiol.

Agus a dubhairt sé fós cosamhlachd riú, gur ab éigin urnuighthe dhéanamh do ghnáth, agus gan a bheith leisgeamhuil. Ag rádh, Do bhí breitheamh áirighe a gcathraigh áirghe, air nach raibh eagla Dé, agus ag nach raibh onoír do dhuine: Agus do bhí baintreabhach áirighe ann sa chathruighsin noch tháinic chuige, ag rádh, Cóirigh mé air measgcaruid. Agus niór bháill leision ar feadh tamuill: achd tar éis sin a dubhairt sé ris féin, Ce nach bhfuil eagla Dé oram, agus nach bhfuil onóir agam do dhuine; Gidheadh do bhrígh go mbuaidhreann an bhaintreabhachsa mé dioghóla mé í, do chum nach dtiocfadh sé fá dheireadh dom bhuaidhreadh. Agus a dubhairt an Tighearna, Eisdidh créd a deir breitheamh na héagcora. A né nach déana Diá dioghaltas ar son a dháoine toghtha féin, éimhgheas air do lá agus doidhche, ge atá foighid aige na ttimcheall? A deirim ribh go ndéana sé dioghaltas ar a son go lúath. Achd cheanna an tan thiocfas Mac an duine, an bhfuighe sé creideamh ar an dtalamh?

¶ Agus fós ré dreim do sháoil iád féin bheith na bhfiréain, agus do tharcasinigh cách eile, a dubhairt sé an chosamhlachdsa: 10 Do chúadár días do dháoinibh súas don teampall do dhéanamh urnuighe; áon aca na Phairisíneach, agus araile na phúibliocánach. 11 Ar seasamh don Phairisíneach do bhí sé guidhe mar so leis féin, A Dhiá, beirim buidheachas riot, nach bhfuilim mar atáid dáoine eile, a luchd fuáduigh, éugcórach, adhaltrannach, nó fós mar an bpuibliocánachsa. 12 Troisgim fá dhó ann sa tseachdmhuin, do bheirim deachmhuidh as gach ní dhá sealbhuighim. 13 Agus ar seasamh don phuíbliocán, a bhfád úadh, nior bháill leis fiú a shúl do thogháil suás chum neimhe, achd do bhuaileadh sé a uchd, ag rádh, A Dhía déana trócaire oramsa an peachthacht. 14 A deirim ribh, go dtáinic an tési a núas dá thigh féin na fhiréanach ni is mó na fear úd: óir gidh bé ísligheas é féin áirdeochthar é.

15 ¶ Agus fós tugadar chuige náoidheanain, ionnus go mbeanfadh sé ríu; agus an tan do chuncadar na deísciobuil so, do imdheargadar íad. 16 Achd ar ngairm na leanabh Díosa chuige, a dubhairt sé, Fuilngidh na leinbh do theachd chugamsa, agus ná toirmeasguidh íad: óir is lé na leitheid so rioghachd Dé. 17 A deirim ribh go fírinneach, Gidh bé nach géubha chuige rioghachd Dé mar náoidheanán nach racha sé go bráth a sdeach innte.

18 ¶ Agus a dfafruigh úachdarán áirighe dhe, ag rádh, A Mhaighisdir mhaith, créd do dhéana mé lé a sealbhócha mé an bheatha mharthanach? 19 Agus a dubhairt Iósa ris, Créd fá ngoireann tú máith dhiomsa? ní bhfuil éinnrach maith, achd Día, amaháin. 20 Atá éolos na naitheantadh agad, Ná déana adhaltranas, Ná déana dunmharbhadh, Na déana goid, Ná déana fiadhnuisi bhréige, Onóiruigh hathair agus do mhathair. 21 Agus a dubhairt seision, Do choimhéid mé na neithesi uile óm óige. 22 Agus ar na cclos so Díosa, a dubhairt sé ris, Atá éinni fós duireasbhuidh ort: reac a bhfuil agad, agus roinn ar na bochduibh, agus bíaidh cisde ar neamh agad: agus tárr, lean misi. 23 Agus ar na chloinnsin so dhósan, do ghlac tuirse mhór é: óir do bhí sé roshaidhbhir.

24 ¶ Agus an tan do chunnairc Iósa go ráibh sé lán do dhobrón, a dubhairt sé, Créd é a dheacrachd do na dáoinibh sáidhbhre dul a sdeach a rioghachd Dé! 25 Oír is usa camhall do dhul tri chró snáthuide ná do dhuine shaidhbhir dul a sdeach a rioghachd Dé. 26 Agus a dubhrádar an dream do chúalaidh so, Máseadh cía as éidir do shlánughadh? 27 Achd a dubhairt seision, Na neithe ata dó dhéanta ag na dáoinibh atáid so dhéanta ag Dia.

28 ¶Agus a dubhairt Peadar, Féuch, do fhágamairne na huile neithe, agus do leanamair thusa. 29 Agus a dubhairt seision riú. A deirimsi ribh go firinneach, Nach bhfuil éinneach do fhág a thigh, ná á athair ná a mhathtair, ná a dhearbhraithreacha, ná a bhean phósda, ná a chlann, ar son rioghachda Dé. 30 Nach nglacfa sé mórán ní sa mhó ann sa naimsirso, agus an bheatha mharthanach an sa tsáoghal atá ag teachd.

31 ¶ Agus ar mbreith an dá fhear déag leis Diósa, a dubhairt sé riu, Féuch, téaghmáoid súas go Hiárusalem, agus críochnóchthar a dtimcheall Mhic an duine na huile neithe atá sgriobhtha ag na fáighibh. 32 Oír do bhéarthar do na Cineadhachaibh é, agus do dhéuntar fonnomhad faoi, agus maisleóchthar é, agus géubhthar do shelighibh air: 33 Agus ar na sgiúrsadh dhóibh muifid achd éireóchaidh sé a ris an treas lá. 34 Agus niór thuigeadarsan éin ní dhíobh so: agus do bhádar na briáthrasa foluighthe uátha, agus níor aithnigheadar na neithe a dubhradh ann.

35 ¶ Agus tárla, an tan do dhrnid sé ré Ierico, gur shuidh dall áirighe chois na sligheadh ag iarruidh déirce: 36 Agus an tan do chúaluidh sé an slúagh ag gabháil thairis, dfiafruidh sé créd é so. 37 Agus dinniseadar dhó, gur ab é Iósa Nasardha do bhí gabháil thairis. 38 Agus do éigh seision ag rádh, A Iósa, a mhic Daibhi dénna trócaire oram. 39 Agus an dream do bhí roimhe do imdheargadar é, ionnus go mbíadh se na thochd: achd is moide do éighmheadh seision sin, A mhic Dáibhi, déana trócaire oram. 40 Agus ar seasamh Díosa, do aithim sé a thabhairt chuige: agus an tan do dhruid sé ris, dfiafruidh sé dhe, 41 Ag rádh, Créd is mián leachd misi do dhéana dhuit? Agus a dubhairt seision, A Thighearna, mo radharc aiseag dhamh. 42 Agus a dubhairt Iósa ris, Bíodh do radharc agad: do shlánuigh do chreideamh thú. 43 Agus do fúair sé a radharc ar an mball, agus do lean sé eisean, ag tabhairt glóire do Dhiá: agus an tan do chunnaire an pobal uile so, tugadar moladh do Dhía.

Copyright information for IriODomhnuill