Luke 2

Agus tárla ann sna láethibh sin, go ndeachuidh áithne ó Shéasar Augustus, an domhan uile do mheas, (Ag so an céudmheas do rinneadh an tan do bhi Sirénius na úachdarán ar Shíria.) Agus do chúadar eile dhá meas, gach áon fá leith dhá chathruigh féin, Agus do chúaidh Ióseph mar an gcéudna súas ón Ghalilé, as an gcathraigh Nasarét, go tír Iúdaighe, go cathruigh Dhaibhi, dá ngoirthear Bétleem; do bhrígh go raibh sé do thigh agus do shliochd Dháibhí: Ionnus go measfuigh é maille ré Muire do bhi ar na ceangal ris mar mhnáoi, ar mbeith dhi torrach.

¶ Agns tárla, ar mbeith dhóibh ann sin, go dtangadar laéthe a hionbhuidhsean. Agus rug sí mac a céudduine cloinne, agus do chuir sí giobuil cheangail na thimcheall, agus do chuir sí na luighe a mainséur é; do bhrígh nach raibh ait aca sa tigh ósda.

¶ Agus do bhádar áodhairidhe sa dúithche sin na gcomhnuidhe a muigh, agns ag déanamh faire oidhche ar a dtréd. Agus, féuch, do sheas aingeal an Tighearna láimh léo, agus do shoillsigh ghlóir an Tighearna na dtimcheall: agus do ghabh eagla mhór íad. 10 Agus a dubhairt an taingeal riú, Na bíodh eagla oruibh: óir, feuch, a táim ag soisgéulughadh dhíbh gáirdeachus mór, noch bhías do gach uile phobal. 11 Oír rugadh an Slánuightheoir dháoibh a niu, (éadhon Críosd an Tighearna,) a gcathruigh Dháibhí. 12 Agus ag so comhartha dhíbh; Do ghéubhtháoi an leanabh ceanguilte a ngiobluibh, na luighe a mainnséur. 13 Agus do bhí go hobann cuideachda mhór do shlúagh neamhdha a bhfochair an aingil ag moladh Dé, agus ag rádh, 14 Glóir do Dhía ann sna hárduibh, agus síodhcháin ar an dtalamh, deaghthoil do na dáoinibh.

15 ¶ Agus tárla, mar do imthigheadar na haingil úatha ar neamh, go ndubhradar na háodhairidhe ré chéile, Imthigheam anois don Bhetléem, agus féucham an ní so do rinneadh, noch do fhoillsigh an Tighearna dhúinn. 16 Agus tangadar go deithneasach, agus fuaradar Muire agus Ióseph, agus an náoidhe na luighe a mainnséur. 17 Agus an tráth do chonncadar sin, do aithriseadar an ní a dubhradh riú a dtimcheall an leinibhsin. 18 Agus na huile dháoine da gcúalidh so do ghabh iongantus íad fá na neitheibh a dubhradar na háodhairidhe ríu. 19 Achd do thaisgidh Muire na bríath­rasa uile, dá mbreathnughadh ann a croidhe. 20 Agus do fhilleadar na háodhairidhe, ag tabhairt glóire agus ag moladh Dé tré gach ní da gcúaladar agus da bhfacadar, mar a dubhradh riú.

21 ¶ Agus an tan do coimhlíonadh ochd lá chum an leinibh do thimcheallgherradh, tugadh' IOSA mar ainm air, éadhon an tainm do ghoir an taingeal de suil do gheineadh a mbroinn é.

22 ¶ Agus an tan do coimhlíonadh laéthe glanta Mhuire do réir reachda Mháoisi, rugadar léo go Hiarusaléim é, da thaisbéanadh don Tighearna; 23 (Mar a tá scriobhtha a reachd an Tighearna, Gach céudghein mhic thuismeas brú bíaidh sé náomhtha don Tighearna;) 24 Agus do thabhairt ofrála, do réir mar a dearthar a reachd an Tighearna, Cúpla turtair, nó dha gheirrceach coluim.

25 ¶ Agus, féuch, do bhí duine a Níarusaléim, dár bhainm Símeon; agus do bhí an fearso comhthrom diadha, agus a shúil ré comhfhurtachd Israel: agus do bhí an Spíorad Náomh ann, 26 Agus do fhoillsigh an Spiorad Náomh dhó, nach bhfaicfeadh sé bás, nó go bhfhaicfeadh sé Criosd an Tighearna, 27 Agus táinic sé maille ré tréoir na Spioraide don teampoll: agus an tan thug a athair agus a mháthair an leanabh Iósa, do chum go ndéanaídis ar a shon do réir gnáthuighthe an dlighe, 28 Ann sin do ghabh seision chuige ann a uchd é, agus do mhol sé Día, agus a dubhairt sé, 29 A Thighearna, a nois leigeas tú dod shearbhfhoghantuidhe imtheachd a síodhchain, do réir tfhocail féin: 30 Oir do chonncadar mo shúile do shlánughadhsá, 31 Noch do ullmhuigh tú a bhfíadhnuisi na nuile phobal. 32 Solus do dhéunadh soillsi do na Cineadhachuibh, agus glóir do phobail féin Israél. 33 Agus do ghabh iongantus Ióseph agus a mháthairsion fá na neithibh a dubhhradh na thimcheall. 34 Agus do bheannuigh Símeon íad, agus a dubhairt sé ré Muire a mhathairsion, Féuch, a tá sé so ar na órdughadh do chum tuitme agus eiséirghe mhóráin a Nisraél; agus na chomhartha agá gcuirfithear na aghaidh; 35 (Agus fós, rachaidh cloidh éamh tré thanamsa mar an gcéudna,) do chum go nochdfuidhe smúaintighthe as mórán do chroidhibh.

36 ¶ Agus fós do bhí Anna, banfháidh, inghean Phánuel, do threibh Aser: do bhi aois mhór aiceso, tár éis seachd mblíadhna do chaitheamh dhi ag fear a ndiáigh a maighdeannis; 37 Agus ar mbeith na baintreabhuigh a dtinicheall cheithre mblíadhan agus cheithre tichid dhi, níor fhág sí an teampoll, achd ag déunamh seirbhísí do Dhía do ló agus doidhche le trosgadh agus lé húrnuighthe. 38 Agus táinic so do láthair ar an úair gcéudna agus dadmhuigh sí na thimcheall ré gach áon agá raibh súil ré fúasgladh an Iarusaléim.

39 ¶ Agus mar do chríochnuigheadar gach uile ni do réir reachda an Thighearna, do fhilleadar don Ghalilé, da gcathruigh féin Násarét. 40 Agus do fhás an macaomh, agus do neartuigheadh é a spioraid, agus do bhí sé lán deagna: agus do bhí grása Dé maille ris.

41 ¶ Agus do ghnáthuigheagh a athair agus a mháthair dul gach a blíadhna go Híarusaléim a sollamuin na cásg. 42 Agus ar mbeith dhá bhliadhan déug dho, do chuadar suas go Híarusaléim, do réir ghnáthuighthe na sollamna. 43 Agus are geríochnughadh na, láetheadh sin, an tan do fhilleadarsan, dfan anleanabh Iósa a Níarusaléim; gan fhios do Ióseph ná dhá mháthair. 44 Agus, an tan do shaóileadar go raibh sé na gcuideachda, do shiobhladar asdar laoi; agus diarradar é a measg a ndaoine gaoil agus aitheanta. 45 Agus an tan nach bhfúaradar é, do fhilleadar arís go Híarusaléim, dhá iarruigh. 46 Agus tárla, trí lá dá éis sin, go bhfúaradar é ann sa teampoll, na shuidhe a measg na ndoctúireadh, ag éisdeachd ríú, agus ag cur cheasd ortha. 47 Agus do ghabh iongnadh gach uile dhuine dá gcúalaidh é fá na thuigsin agus fá na fhreagarthaibh. 48 Agus ar na fhaicsin dóibh, do ghabh úathbhás iad: agus a dubhairt a mháthair ris, A mhic, créd fá ndearna tú mar so rinn? Féuch, do bhí misi agus dathair lán do dhobhron dod lordaireachd. 49 Agus a dubhairt seision ríu, Créd fá rabhabhair dom lorgaireachdsa? An né nach raibh a fhios agaibh gur bhéigin damhsa bheith ag déanamh ghnódhaighthe Mathar? 50 Achd níor thuigeadarsan na briathra do labhair se ríu.

51 ¶ Agus do chuáidh sé léo síos, agus táinic sé go Násaret, agus do bhí sé umhal dóibh: agus do thaisgidh a mháthair na briathra so uile an a croidhe. 52 Agus dó bhí Iósa ag fás an eagna, agus a naóis, agus a ngean ag Día agus ag daóinibh.

Copyright information for IriODomhnuill