Luke 20

Attimcheall ághdarras Chriosd, 9 an fhineamhain, 27 agus án Eiseirghe.

Agus tárla, áon do na láethibh sin, an tan do theagaisg séision an pubal ann sa teampall, agus do sheanmoir an soisgéul, go dtangadar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe maille ris na sinnsearuibh chuige. Agus do labhradar ris, ag rádh, Innis dúinne, cia an tughdarrás as a ndéanann tú na neithesi? Nó cia thug an tughdarrás so dhuit? Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Fiafrochaidh misi fós aonfhocal amháin dibhse; agus tabhruidh freagra oram: Baisdeadh Eóin, ann ó neamh do bhi se, nó ó dháoinibh? Agus do bhádarsan ag tagra eatarra féin, ag rádh, Má dermíd, O neamh; déara seisean, Créd fá nar chreideabhairsi dhó? Achd má deirmid, O dháoinibh; géubhuidh an pobal uile do chlochaibh orainn: oír is deimhin léo gur fáigh Eóin. Agus do fhreagradar, nach raibh a fhios aca féiu gá hás . Agus a dubhairt Iósa ríu, Ní mó innéosas misi dhíbhsi cía an túghdarrás as a ndéunuim na neithesi. Agus do thionnsgain sé an chosamhlachdsa do rádh ris an bpobal; Do chuir duine áirighe fíneamhuin, agus tug sé amach do sgológuibh í, agus do bhi sé féin a gcoigcrích air feadh aimsire faide. 10 Agus na am féin do chuir sé a shearbhfhoghantuighe chum na sgológ, ionnus go dtiobhraidis do thoradh na fíneamhna dhó: achd do ghabhadar na sgológa air, agus do chuireadar folamh uátha é. 11 Agus do chuir sé searbhfhoghantuighe eile úadh a rís: achd ar ngabháil air sin leis, agus ar dtabhairt easonóra dhó, do chureadar folamh uátha é. 12 Agus na cheann sin do chuir sé an treas úadh: achd do chuireadarsan amach an tésin leis, ar na lot. 13 Achd a dubhairt tighearna na fíneamhna, Cred do dhéana mé? cuirfidh mé mó mhac grádhach féin chuca: do béidir an tan do chifid é go dtiobhraidís onóir dhó. 14 Agus ar na fhaicsin do na sgológuibh, do labhradar eatarra féin, ag rádh, A sé so an toighre, tigidh, marbham é, ionnus go mbíadh a noighreachd aguinn féin. 15 Agus ar na theilgean don táobh amach don fhíneamhain, do mharbhadar é. Ar a nadhbharsin créd do dhéanas tlghearna na fíneamhna riú súd? 16 Tiocfuidh sé agus sgriosfuidh sé na sgológa úd, agus do bhéura sé an fhíneamhuin do dháoinibh eile. Agus an tan do chúaladarsan so, a dubhradar, Nár liege Día sin. 17 Achd ar bhféachain dósan órrtha, a dubhairt sé: Máseadh créd é an ní so atá sgriobhtha, An chloch do dhiultadar na sáoir is di so do rinneadh ceann an chuáinne? 18 Gidh bé duine thuitfeas ar an gcloich úd, do dhéantar greamanna dhe; agus gidh bé duine ar a dtuitfidh sí, do dhéana sí luaithreadh dhe. 19 Agus díarradar úachdaráin na sagart agus na sgriobuidhe láinha do chur annsan air a núair sin féin; achd do bhi eagla an phobuil orrtha: óir do aithneadar gur ab na naghuidh fein a dubhairt sé an chosamblachdso. 20 Agus ag tabhairt aire ris, do chuireadar luchd bratha, do léigfeadh orrtha féin a bheith na bhfiréin, ionnus go ngreameóchaidis air a chomhrádh, do chum a thabhartha do chumhachd agus dughdarrás a nuáchdaráin. 21 Agus dfíafraigheadar dhe, ag rádh, á Mhaighisdir, atá a fhios againne gur ceart labhras tú agus theagaisgeas tú, agus nach bhfuil cion agad ar phearsain áonduine, achd go dteagasgann tú slighe Dé do réir na fírinne: 22 An ceaduightheach dhúinne cíos do thábhairt do Shéasar, nó gan a thabhairt? 23 Achd tug seisean a meabhail dá aire, agus a dubhairt sé riú, Créd fá gcurtháoi cathughadh oram? 24 Taisbéanaigh dhamh pighinn. Cia ar leis a níomháigh agus an sgríbhinn atá uirthe? Agus ar bhfreagra dhoibhsion a dubhradar, Lé Séasar, 25 Achd a dubhairt seision riu, Ar a nadhbharsin tabhruidh do Shéasar na neithe is lé Séasar, agus na neithe is lé Día do Dhía. 26 Agus níor fhéadadar greamughadh air a bhriathra a bhfíadhnuisi an phobuil: agus ag déanamh iongantais ann a fhreagarthuibhsion, do thochdadar. 27 Agus ar dteachd do dhruing do na Saduceachiabh chuige, (noch shéanas a neiséirghe do bheith ann;) dfíafruigheadar dhe, 28 Ag rádh, A Mhaighisdir, do sgríobh Máoisi dhúinn, Dá bhfaghadh dearbhráthar dhúine ar bith bás, agá mbía bean phósda, agus go bhfuigheadh sé bás gan chloinn, go ngéubhadh a dhearbhráthair chuige a bhean, agus go tóigéubhadh se sliochd dá dhearbhrathair. 29 Ar a nadhbharsin do bhádar móirsheisior dearbhrathar ann: agus ar ngabháil mná chuige don chédghear, fúair sé bás gan chloinn. 30 Agus do ghabh an dara dearbhrathair chuige an bhean, agus fuair seision leis bás gan chloinn. 31 Agus do ghabh an treas dearbhráthair chuige í; agas mar an gcéadna an móirsheisior: agus nier fhágbhadar clann, agus fúaradar bás. 32 Agus a ndiaigh cháich aile fúair an bhean bás mar an gcéadna. 33 Ar a nadhbharsin an sa neiséirghe cía aca súd dá madh bean í? óir do bhi si ag an mhóirsheisior na mnaoi. 34 Agus ag freagra a dubhairt Iósa ríu, Pósaid clann an tsáoghailsi mná, agus do bheirthear dfearuibh íad: 35 Achd cheana an dream mheasfuidhthear gur fiú íad an sáoghal úd, agus eiséirghe ó na marbhuibh dfagháil, ni phósaid mná, agus ní thugthar dfearuibh íad: 36 Oír ní héidir léo bás dtagháil ní sa mhó: Oír atáid síad mar na haingle; agus na gcloinn ag Día, ar mbeith na gcloinn ag a neiséirghe. 37 Achd go néiréochadh na mairbh, dfoillsigh Máoise lcis ag an dos, an tan do ghoireas sé don Tighearna Día Abraham, agus Día Isaac, agus Día Iácob. 38 Oír ní hé Día na marbh é, achd na mbéo: óir atáid síad uile na mbeathaigh dhósan. 39 Agus ar bhfreagra do dhruing do na sgríobuidhibh a dubhradar, A Mhaighisdir, is maith a dubhairt tú sin. 40 Agus níor lamhadar ó sin súas ar bith fhíafruighe dhe. 41 Agus a dubhairt sé ríu, Cionnas a déirid síad gur mac do Dháibhi Criosd? 42 Agus a deir Dáibhi féin a leabhar na Salm, A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearnasa, Suidh ar mo láimh dheis, 43 No go gcuire mé do námhuid na sdól fád chosaibh? 44 Ar a nadhbharsin goiridh Dáibhi Tighearna dhe, agus cíonnas is mac dhó é? 45 Agus a néisdeachd an phobuil nile a dubhairt sé ré na dheisciobluibh féin, 46 Tabhruidh aire dháoibh féin ó na sgríobuidhibh, le nab aill siobhal a róhuidhibh fada, agus lé nab ionmhuin failtighe ar na marguidhibh, agus na cédionuid suighthe ann sna coimhthionóluibh, agus na céadchuibhrinn ann sna féasduidhibh; 47 Noch shluigeas tighthe na mbaintreabhach, agus sin fós ar sgáth bheith go fada ag urnuighe: do gheabhuid so an dainnadh is truime.

Copyright information for IriODomhnuill