Luke 22

Chaith an deamhan ar Iudas chum failliughadh ar Chriosd. 54 Do shéan Peadar é. 66 Achd dadaimh sé féin gur ab Mac Dé é.

Agus do dhruid féasda a naráin gan laibhín riu, dá ngoirthear an Cháisg: Agus do bhí úachdarain na sagart agus na sgríobuidhe ag íarruidh cionnus do mhuirfidís eision; oir do bhí eagla an phobuil orrtha.

¶ Achd do chúaidh Satan a Níudas dar chomhainm Iscáiriot, do bhí no nuibhir an dá fhear dhéag. Agus ar nimtheachd amach dhé, do labhair sé ris na hárdsagartaibh agus ris na húachdaranuibh, cionnas do bhraithfeadh sé eision dhóibh. Agus do gabh lúathgháire íadsan, agus do rinneadar cunnradh ris airgead do thabhairt dó. Agus do gheall seision sin, agus díarr sé faill ar eision do bhrath dhóibh ab tan nach mbíadh an pobal a láthair.

¶ Achd táinic lá a naráin gan laíbhín, ann ar bhéigin an tuan cásg do mharbhadh. Agus do chuir Iósa Peadar and Eóin úadh, ag radh, Imthigh, agus ullmhuighidh dhuinn an túan cásg, do chum go níosamáois é. Achd a dubhradarsin ris, Cía a náit ann ar toil leachd sinn dá ullmhughadh? 10 Agus a dubhairt sé ríu, Féuch, tar éis dul a sdeach sa chathraigh dháoibh, teigeamhuidh duine áirghe oruibh, ag iomchar shoighthigh uisge; leanaidh é don tigh iona racha sé a sdeach. 11 Agus abruidh ré fear an tighe, A deir an Maighisdir riot, Cáit a bhfuil an Ióisdín, iona níosa mé an cháisg maille rem dheisciobhluibh? 12 Agus taisbéanuigh seision dáoibh séomra mór uachtrach deaghmhaisioch: ullmhuighidh ann sin é. 13 Agus ar nimtheachd dóibhsion, fuaradar mar a dubhairt seision riu: agus dullmhuigheadar an cháisg. 14 Agus an tráth tháinic an tam, do shuidh sé síos, agus a dhá dheisciobal deg maille ris. 15 Agus a dubhairt sé ríu, Do bhí fonn romhór oram an cháisgse do chaitheamh maille ribhsi suil fhuileongas mé: 16 Oír a deirim ribh, Nach íosa mé dhe ní as mó, nó go gcoimhlíontar é a ríoghachd Dé. 17 Agus ar ngabháil an chupáin chuige, ar mbreith buidheachais dó, a dubhairt sé, Glacaidh so, agus roinnidh eadruibh féin é. 18 Oír a deirim ribh, Nach iobhta mé do thoradh na fineamhna, no go dtíg rioghachd Dé.

19 ¶ Agus ar ngabháil a nárain chuíge, ar mbreith huidheachais dó, do bhris, agus tug sé dhóibhsean é, ag rádh, A sé so mo chorpsa do bhearthar áir bhur sonsa: déanuidh so mar chuimhne oramsa. 20 Agus mar an gcéadna an cupán fós tar éis suipéir, ag rádh, A sé an cupánsa an tiomna núa ann mfhuilsi, dhóirtear ar bhar sonsa.

21 ¶ Achd, féuch, lámh an té bhraitheas misi am fhochair ar an mbórd. 22 Agus imthigidh Mac an duine go deimhin, do réir mar do hórduigheadh: gidheadh is mairg don duine úd lé mbraithtear é! 23 Agus do thionnsgnadarsan a fhíafruigh eatarra féin, cía aca bhíadh ar tí so dheanamh. 24 Agus fós déirghidh imreasain eatarra, cía aca measfuighthe bheith ní as mó. 25 Achd a dubhairt seision ríu, Atá tíghearnas ag righthibh seision ríu, Atá tíghearnas ag righthibh na Geinidheach orrtha; agus an dream agá bhfuil cumhachda orrtha goirthear dáoine flaitheamhla dhíobh. 26 Achd ní mar sin dáoibhse: achd an té as mó eadruibh, bhíodh sé mar an té is lugha; agus an té is áired eadruibh, mar an té do ní miniosdralachd. 27 Oír cía aca is mó, an té shuigheas ar an mbórd, nó an tí friothólamh? a né nach é an té shuigheas ag bidh? achd atáimsi eadruibhse mar an té do ní friotholamh. 28 Agus is sibhsi dfan am fhochairsi ann mo chathuighthibh. 29 Ar a nadhbharsín órduighim dháoibhsi rioghachd, mar do órduigh Máthair féin damhsa; 30 Ionnus go níosdáoi agus go níobhtháoi ar mó bhórdsa ann mo rioghachd féin, agus go suighfí ar chaithíreachaibh ag breith bhreithe ar dhá threibh dhéug Isráel.

31 ¶ Agus a dubhairt an Tighearna, A Shímóin, a Síomóin, féuch, díarr Sátan sibhsi, le bhar gcáthadh mar chruithneachd:

32 ¶ Agus do ghuidh misi air do shonsa, ionnus nach dtráoithfeadh do chreideamh: agus air bhfilleadh duitse, neartuigh do dhearbhraithreacha. 33 Agus a dubhairt seision ris; A Thighearna atáim ullamh air bhul leachdsa, chum príosúin, agus chum báis leis. 34 Achd a dubhairt séision, A deirim riot, a Pheadair, nach goirfe an coileach a níu, nó go séanna tú trí húaire go bhfuil aithne agad oramsa.

35 ¶ Agus a dubhairt sé ríu, An tan do chuir mé úaim sibh fan sparán, ná mála, ná bróga, an raibh uireasbhuigh éin neithe oruibh? Agus a dubhrádarsan, Ní raibh. 36 Ar a nadhbharsin a dubhairt sé ríu, Achd a nois, gidh bé agá bhfuil sparán tógbhadh sé é, agus a mhála mar an gcéadna: agus gidh bé ag nach bhfuil, reacadh sé a bhrat, agus ceannchadh sé cloidheamh. 37 Oir a deirim ribh, Gur ab éigin fós an ní atá sgriobhtha do choimhlíonadh ionnamsa, Agus atá sé ar na chomháireamh a measg na ndáoine coirthéach: óir na neithe úd atá am thaoibhse atá deireadh aca: 38 Achd a dubhradarsan, A Thighearna, féuch, dhá chloidheamh ann so. Achd a dubhaier seision ríu, Is lór sin. 39 Agus ar nimtheachd amach dhó, do chúaidh sé, do réir a ghnáthuighthe, go slíabh na Noluidheadh; agus fós do leanadar a dheisciobuil é. 40 Agus an tán tháinic sé chum na háite, a dubhairt sé ríu, Déanunidh urnuighe ionnus nach dteigeamhadh sibh a ccáthughadh. 41 Agus do tairrngeadh eision úatha a dtimcheall urchair cloiche, agus agá léigean air a ghlúinibh, do rinne sé urnuighe, 42 Ag rádh, A Athair, mas toil leachd, cuir an cupánsa thoram: ach cheana nar ab í mo thoilsi, achd do thoilsi, do dhéantar. 43 Achd do taisbéanadh dhó aingeal ó neamh dá chomhfhurtachd. 44 Agus ar mbeith a nanbhuain mhóir dhósan do rinne sé urnuighe ní as díthchiolluighe: agus do bhí a allas mar bhráona mora fola ag tuitim ar talamh. 45 Agus an tan déirigh sé ó umuighe, tháinic sé chum a dheisciobal, agus fuair sé na gcodladh íad tré thuirsi, 46 Agus a dubhairt sé rú, Créd fá gcodaltáoi? éirghidh agus déanuidh urnuighe, do chum nach dtuitfeadh sibh a gcathughadh.

47 ¶ Agus ag labhairt dó fós, féuch an slúagh, agus an té dá ngoirthí Iúdas, áon don dá fhear déag, ag gabháil rompa, agus do dhruid sé ré Hiosa do thabhairt póige dhó. 48 Agus a dubhairt Iósa ris, A Iúdais, an lé poig bhraithbeas tú Mac an duine? 49 Agus an tan do chunncadar an dream do bhí ná thimcheallsan an ní do bhí ag teach, a dubhradar ris, A Thighcarna, an mbuáilfeam lé cloidheamh?

50 ¶ Agus do bhuáil fear dhíobh searbhfhoghantuidhe a nárdshagairt, agus do bhean sé a chlúas dheas de. 51 Achd do fhreagair Iósa agus a dubhairt, Fuilngidh go soithe so. Agus ar mbuáin ré na chluáis súd, do shlánuigh sé é. 52 Agus a dubhairt Iósa ris na hardsagartaibh, agus úachdaráuibh an teampuill, agus na seinnsearaibh, tháinic chuige, An dtangabhair amach, le cloidhimhthibh agus le batuidhibh, amhuil chum bhiothainhnuigh? 53 An tan do bhí me gach lá agaibh sa teampall, níor shineabhair lámha dhamh: achd a sí so bhar nuáirsi, agus cumhachda an dorchaduis.

54 ¶ Achd ar mbreith airsion, rugadar léo é, go tigh an ardshagairt. Agus do lean Peadar a bhfad úadh é. 55 Agus an tráth do lasadar teine ar lár na halla, agus so shuigheadar na timchioll a bhfochair a chéile, do shuidh Peadar catarra. 56 Agus an tan do chunnairc cailín áirighe é na shuidhe ag an teinidh, ar bhfeachain go gér dhí air, a duabhaiet sí, Do bhi an fearso fós na fhochair súd. 57 Agus do shéan seision é, ag rádh, A bhean, níor bhaithnidh damh é. 58 Agus beagán na dhiáigh sin ar na fhaicsin do neach eile, a dubhairt sé, Agus is díobh súd thusa fós. Achd a dubhairt Peadar, A dhuine, ní díobh misi. 59 Agus a dtimcheall áonuáire amháin na dhiáigh sin, do dhearbhuigh neach áirighe ele, ag rádh, Go firinneach do bhí an tési leis na fhochair súd: óir is Galiléeach é. 60 Achd a dubhairt Peadar, A dhaine, ní bhfuil a fhios agam créd a deir tú. Agus ar an mball, an feadh do bhí sé ag labhairt, do ghoir an coileach. 61 Agus ar gcasadh don Tighearna, dféuch sé ar Pheadar. Agus do chumhnigh Peadar ar chomrádh an Tighearna, cionnas a dubhairt sé ris, Suil ghoirfeas an coileach, séanfuidh tú mé trí huáire. 62 Agus ar ndol amach do Pheadar, do ghuil sé go gér.

63 ¶ Agus na dáoine do chuinnigh Iósa do rinneadar fonómhad fáoi, dá bhúaladh; 64 Agus an tan do fholuigheadar é, do bhuáileadar a aghuidh, agus dfiafruidheadar dhe, ag rádh, Déana fáigheadóireachd, cía bhúail thú? 65 Agus a dubhradar mórán do neithibh eile na aghaidh dhá mhaslughadh.

66 ¶ Agus mar déirigh an lá, do chrinnigheadar sinnsir an phobuil, agus na hárdsagairt, agus na sgríobuidhe a bhfochair a chéile, agus tugadar eision chum a gcomhairle féin, 67 Ag rádh, An tusa Críosd? innis dúinne. Agus a dubhairt seision riu, Má innisim dháoibh, ní chreidfidhe mé: 68 Agus fós ma fhiafruighim í dhíbh, ní thiobhartháoi freagra oram, agus ní léighfi uáibh mé. 69 Sam aimsir aig teachd biáidh Mac an duine na shuighe ar deis chumhachd Dé. 70 Agus a dubhradar uile ris, mar sin an túsa Mac Dé? Agus a dubhairt seision riú, A deirthisi gur ab mé. 71 Achd a dubhradarsan, Créd é an riachdanus fiadhnuisi atá oruinn feasda? óir do chúalamar féin as a bhéul féin é.

Copyright information for IriODomhnuill