Luke 23

Criosd, 11 ar na thaircaisniughadh re Iorúaidh, 24 agus ar na chéasadh lé Piolit, 34 do ghuidh sé arson maitheamhnas dá naimhdibh.

Agus ar néirghe dá ccoimhthional uile, rugadar chum Pioláid é. Agus do thionnsgnadar cúis do chuir air, ag radh, Fúramar an fearsa ag iompódh ar gcinidh, agus ag toirmeasg cíosa do thabhairt do Shéasar, ag rádh gur ab é féin Críosd an Rí. Agus a dfíafruidh Pioláid dhe, ag rádh, An tusa Rí na Níudaighe? Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris, A deir tusa sin. Agus a dubhairt Píoláid ris na hárdsagartuibh agus ris an tslúagh, Ní fhaghaimsi cúis ar bith air a bhfearso. Achd do theannadarsan orrtham ag rádh, Buáidhridh sé an pobal, ag teagasg ar feadh thíre Iúdaighe uile, ag teasgasg ar feadh thíre Iúdaighe uile, ag tosughadh ón Ghalilé go soithe so. Agus mar do chúaluidh Píoláit teachd thar an Ngalilé, dfiarfruidh sé dhe nar Ghaliléeach é. Agus an tan daithin sé gur ab fá thumhachduibh Iornáth do bhí sé, do chuir sé ar ais é chum Iorúaidh, do bhí Níarusalém ann sna láethibh sin.

¶ Agus ar bhfaicsin Iósa Díoruáidh, do ghabh lúathgháire mhór é: óir do bhí fonn air ré fada eision dfaicsin, do bhrigh go gcúaluidh sé mórán air; agus do bhí dóchas aige go bhfaicfeadh sé comhtharra éigin ar na dhéanamh leis. Agus dfíafruidh sé mórán do cheasdannuibh dhe; achd ní thug seision freagra ar bith air. 10 Agus do sheasadar na hárdsagairt agus na sgrióbuidhe ag déanamh casáoide air go dithchiollach. 11 Achd tug Ioruáidh maille ré na luchd coguidh tarcuisne air, agus do rinneadar fonómhad fáoi chúireadar chum Píoláid a rís é.

12 ¶ Agus an lásin féin, do rinneadh Ioruaith agus Píoláid na gcáirdibh dhá cheile: óir do bhádar na naimhdibh agá chéile roimhe sin.

13 ¶ Agus ar ngairm na nárdsagart agus núachdarán, agus an phobuil do Phioláid, 14 A dubhairt sé riu, Tugabhair chugamsa an duinesi, mar neach iompóidheas an pobal: agus, féuch, ar gceasdughadh ris damsha ann bhar bhfiadhnuisi féin, ní fhúair me coir ar bith ar an duine do na neithibh agá ndéantáoisi casáoid air: 15 Agus fós, ní fhúair, Ioruáidh: óir do chuir mé chuige sibh; agus, féuch, ní dhearnuidh níar bith leis do thuillfeadh bás. 16 Ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, léighfidh mé uáim é. 17 Oír dob éigean dí neach éigin do léigean amach dhóibh ann sa bhféasda. 18 Achd do éigh an choimthionol uile, ag rádh, Beir uáinn an fearsa, agus sgáoil dúinne Barabbas: 19 Do bhí ar na chur a bpriosún tré cheannairc áirighe, agus trí mharbhadh, do rinneadh ann sa chathraigh. 20 Ar a nadhbharsin, do labhair Píoláid rín a rís, ar mbeith fonnmhar dhó ar Iósa léigean úadh. 21 Achd do éimhgheadarsan, ag rádh, Croch é, croch é. 22 Agus a dubhairt sé rín an treas uáir, Achd, créud é an tolc do rinne sé? ní fhuair mísi cúis bhais ar bith air: ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, leigfidh mé amach é. 23 Achd do sheasadarsan go cruáidh ná aghuidh lé gothannuibh móra, ag íarruidh eisiondo chrochadh. Agus do bhuaidheadar a ngóthasan agus gótha úachdarán na sagart. 24 Agus rug Píoláid do bhreith an ní díarradarsan do dhéanamh. 25 Agus do léig sé amach chuca an té do teilgeadh a bpriosún ar son cheannairce agus marbhtha, noch do íarradar; agus tug sé Iósa dhá dtoilsion.

26 ¶ Agus an tan do rugadar léo é, ar mbreith ar Shiréanach áirighe, dar bhainm Simon, do bhí ag teachd ón túaith, do chuireadar an chroch air, hiomchara ndíaigh Iósa. 27 Agus do lean cuideachda mhór don phobal, agus do na mnáibh é, do bhí fós ag gul agus dá cháoineadhsan. 28 Agus ar bhfilleadh chuca a dubhairt Iósa, A ingheana Ierusaléim, ná guilidh ar mo shonsa, achd guilidh ar bhar son féin, agus ar son bhar gcloinne. 29 Oír, féuch, tiochfuid na láethe, iona naibéoruid said, Is beannuighthe na mná seasga, agus na bronna nach ar thuismidh, agus na cíocha nach dtug bainne úatha. 30 Ann sin thionnsganaid a rádh ris na sléibhtibh, Tuitigh oruinn; agus ris na cnocaibh, Folnighe sinn. 31 Oír má níd síad na neithesi ris an crann úr, créd do dhéantar ris an ccríon? 32 Agus fós tugadh días eile meirleach da ccur chum báis na fhochairsion. 33 Agus an tan tanagadar do nionad dá ngoirthear Ait na cloigne, do chrochadar ann sin é féin, agus na meirligh, fear air a dheis, agus fear eile air a láimh chlé.

34 ¶ Agus a dubhairt Iósa, A Athair, maith dhóibh; óir ní bhfuil a fhios aca créd do nid said. Agus an roinn a éaduighsion, do theilgeadar crannchar orthu.

35 ¶ Agus do sheas an pobal ag fhéachain air. Agus do rinneadar na húachdaráin leis fonómhad fáoi maille ríusán, ag rádh, Dfóir sé ar dháoinibh eile; foireadh sé air féin, mas é so Criosd, do thogh Día. 36 Agus fós do rinneadar na saighdiuirigh fonómhad fáoi, ag drud ris, agus ag tairgsin bhinéigre dhó, 37 Agus ag rádh, Mas tusa rí na Níuduigheadh, fóir ort féin. 38 Agus fós do bhí sgríbhneóireachd sgríobhtha ós a chionn do litreachabh Gréigis, agus Laidní, agus Eabhrias, A SE SO RI NA NIUDUIGHEADH.

39 ¶ Achd do bhí áon do na meirleachaibh do crochadh dá mhaslughadh, ag rádh, Mas tú Críosd, fóir ort féin agus oruinne. 40 Agus ar bhfreagra don fhear eile, do spreag sé é, ag rádh, A né nach bhfuil eagla Dé ort, agus tú fa áondhamnadh ris? 41 Achd sinne go deimhin go ceart; (óir fúaramar na neithe do thuilleadar ar ngníomhartha): achd ní dhearna an tési olc ar bith. 42 Agus a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna, cuimhnigh oransa an tan thiochas tú ad rioghachd féin. 43 Agus a dubhairt Iósa ris, A deirim riot go firinneach, Go mbia tú am fhochair a niu a bpárrthas.

44 ¶ Agus do bhí sé a dtimcheall an seiseadh húair, agus do rinneadh dorchadas ar an dtalamh uile gus a náomheadh húair. 45 Agus do dhorchuigheadh an ghrían agus do briseadh brat roinnte an teampuill ann a lár.

46 ¶ Agus ar néigheamh Díosa do ghúth mhór, a dubhairt sé, A Athair, táobham mo spiorad ann do lamhaibhsi: agus an tan a dubharit sé na neithesi, do chúaidh a spiorad ás.

47 ¶ Agus an tráth do chunnaire an caiptíu an ni do rinneadh, tug sé glóir do Dhía, ag rádh, Go firinneach budh firéan an duinesi. 48 Agus an pobal uile tháinic a náoinfheachd dá fhéachainsion, a núair do chunncadar na neithe do rinneadh ann, ag búaladh a nochda, do fhilleadar air a nais. 49 Agus do sheasadar a dháoine aitheanta, a bhfád úadh, agus na mná do lean é ón Ghalilé, ag féachain ar na neithibhsi.

50 ¶ Agus, féuch, tháinic fear dar bhainm Ióseph; do bhí na chomhairleach, na dhuine mhaith, agus na fhírean: 51 Nach a áontaigh dhá gcomhairle ná dá ngníomh súd; ó Arimatéa cathair do thír Iúduighe: agá raibh suil fós ré rioghachd Dé. 52 Ar ndul dó so chum Pioláid, díarr sé corp Iósa. 53 Agus ar na bhúain a núas dó, do chuir sé linéadach na thimcheall, agus do chuir sé a dtúama do bhí ar na thochailt a gcarraic é, ann nach ar cuireadh áonduine roimhesion a ríamh. 54 Agus do bé sin lá a nullmhuighthe, agus do bhí an tsabbóid ag druid ríu.

55 ¶ Agus fós na mná, do lean é, agus tháinic leis ón Ghalilé, do chunncadar an túama, agus cionnas do bhí a chórpsan ar na chur. 56 Agus ar bhfilleadh dhóibh dullmhuigheadar spíosruidhe deaghbhaluidh agus uinnímentighe; agus do chomhuuidheadar lá na sábhoide do réir na háithne.

Copyright information for IriODomhnuill