Luke 4

Troiscthe Chríosd, 13 bhúadhaigh sé ar an deamhan lámh ar láimh. 14 A sheanmóir, 41 agus admhil na ndeamhan féin nime.

¶ Agus ar mbeith Diosa lán don Spiorad Náomh, do fhill sé tar a ais ó Iórdan, agus do tréornigheadh leis an Spioruid ar an bhfásach é, Feadh dhá fhichead lá an díabhal ag cur chathuighthi air. Agus níor ith sé uí ar bith ann sna laéthibh sin: achd ar na gcríochnnghadh, ann sin do ghabh ocras é. Agus a dubhairt an Díabhal ris, Más tú Mac Dé, abair ris an gcloichsi bheith na harán. Agus do fhreagair Iósa é, ag rádh, A tá sgríobhtba, Nach lé harán a mháin mhairfios an duine, achd lé gach uile bhréithir Dé. Agus an tan do thréoruigh an díabhal é, ar shlíabh árd, do thaisbén sé ríoghachda na talmbum uile dhó moimeint daimsir. Agus a dubhairt an diabhal ris, Do bhéara misi na cumhachda so uile dhuit, agus a nglóir: óir do tugadh dhamshsa í; agus do bheirim í don tí as toil leam. Ar a nadhbharsin má adhrán tusa dhamhsa, budh leachd íad uile. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, Imthigh úaim, a Shátain: óir a tá sgríobhtha, Do dhéana tú do Thighearna Día féin dadhradh, agus is dó na áonar do dhénna tú seirbhís. Agus do thréoruigh sé é go Híarusalím agus do shuighidh sé é ar bheinn an teampoill, agus a dubhairt sé ris, Mas tú Mac Dé teilg thú féin síos as so: 10 O'ir a tá sgriobhtha, Do bhéura sé áithne dhá áinglibh ad thimcheall, thusa do choimhéud: 11 Agus toigéubhuid eidir a lámhuibh thú, deagla go mbuailfea do chos fá chloich úair ar bith. 12 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, A dubhradh, Ni chuirfe tú cathughadh ar an Dtighearna do Dhía féin. 13 Agus ar ccur críche ar a chathuighthibh uile don díabhal, dtág sé eisean ar feadh tamuill.

14 ¶ Agus dó chas Iósa maille ré cumhachdaibh na Spíoruide don Ghalilé: agus do chúaidh a chlú ar feadh na tire na thimcheall. 15 Agus do theaguisg sé ann a síonagógaibh súd, ag fagháil glóire ó gach uile dhuine.

16 ¶ Agus táinic sé go Násaret, mar ar hoilleagh é: agus, do chúaidh sé a steach mar budh gnath leis, lá na sábboide don tsinagóig, agus do éirigh sé na sheasamh do leughthóireachd. 17 Agus tugadh leabhar Esáias fáidh dhó, agus an tan do osgail sé an leabhar, fuair se an tionad an a raibh sgríobhtha, 18 Ta Spíorad an Tíghearna oramsa, tré gur ong sé mé do chuir sé úadh mé do sheanmóir an tsoisgél do na bochdoibh, do shlánughadh na ndáoine agá bhfuilid croidhthe brúidhte, do sheanmóir fúasgalta do na braighdibh agus do da dalluibh aisioc a radhairc, agus do tabhairt sáoirsi don mhuinntir a tá ar na gcombrúghagh, 19 Do sheanm; óir bhadhna fhorbháiltigh an Tighearna. 20 Agus ar ndúnagh an leabhair dhó, agus ar na tabhairt arís don ghiolla, do shuidh sé. Agus do bháda suile a raibh ann sa tsínagoig uile ag féachain air go géur. 21 Agus do thionnsgain sé a rádh ríu, niugh a tá an sgiobtúirso ar na choimhlíonadh an bhur gclúasuibhsi. 22 Agus do rinneadar uile fiadhnuisi leis, agus do bhí iongantus aca ann sna combráitibh grásamhla do thigeadh as a bhéul. Agus a deirdís, An né nach é so mac Ióseph? 23 Agus a dubhairt sé ríu, Déara sibh rium gan ambarus an seanfhocalsa, A líagh, leighis thú féin: leitheid na neitheadh do chúalamar do rinne tú a Gcapernáum, déana mar an gcéudna ann so ad dhúithche féin íad 24 Agus a dubhairt seision, A deirim ribh go deimhin, Nách bhfuil cion ar fháidh ann a thír féin. 25 Achd go fírinneach deirimsi ribh, Go rabhadar morán baintreachach a láethibh Elias a Nísraél, an tráth do bhí an fhiormámeint druite trí blíadhna agus sé mhí, ionnas go raibh gorta mhór ar feadh na talmhan uile; 26 Achd níor cuireadh Blías dionnsoighe áon aca, achd go Sarepta na Sidonia, chuan mná do bhí na baintreabhaigh. 27 Agus do bhádar morán lobhar a Níseaél ré linn Eliséus an faidh; agus níor glanagh éin neach aca, achd Náaman an Sirianach. 28 Agus do líonadh a raibh ann sa tsíonagóig dfeirg, an tan do chúaladar na neithesi, 29 Agus ar néirghe na seasamh dhóibh, do theilgeadar as an gcathruigh a mach é, agus rugadar léo é ar mhaluidh an tsléibhe ar a raibh a gcathaire ar na togbháil, do chum go dteilgfidis síos a ndiaigh a chine é. 30 Achd ar ngabháil dosan tré na lár, do imthigh sé, 31 Agus do chúaigh sé síos go Capernáum, cathair don Ghalilé, agus do bhiodh sé dhá dteangasg ann sna sabboidibh. 32 Agus do bhí úathbhás acasan an a theagasg: óir do bhí a comhrádh maille ré hughdarrás.

33 ¶ Agus do bhí neach ann sa tsionagóig, ann a raibh spiorad deamhuaighe neamhghlan, agus do éigh sé do ghúth mhór, 34 Ag rádh, Uch; créud í an bhúain atá aguinne riot, a Iósa Nasardha? an dár sgrisne tháinic tú? a tá a fhios agumsa cia thú, Neach Náomhtha Dé. 35 Agus do imdhearg Iósa é, ag rádh, Bí ad thochd, agus tárr a mach as. Agus do imthigh an deamhan as, ar na thrasgairt go lár, gan díoghbháil ar bith do dhéanamh dhó. 36 Agus do ghabh crith cách uile, agus do labhradar ré chéile, ag rádh, Créud é an níse! go náithingheann sé do na spiorádaibh go neamhghlana lé cumhachdaibh agus lé neart, agus go dtigid siad a mach. 37 Agus do chúaidh a thúarasghbháil an gach uile ionard don tirsin tancheall.

38 ¶ Agus an tan do éirigh Iósa as an tsínagóig, do chúaidh sé a steach go tigh Shímóin. Agus do bhí fiabhrus romhór ar mháthair mhná Shimóin; agus do chuireadar impidhe airsean air a son. 39 Agus ar seasamh dhosan ós a cionn, do imdhearg sé an fiabhrus; agus dfag an fíabhrus í: agus ar néirghe dhisi do lathair do rinne sí friotholamh dhóibh.

40 ¶ Agus ar ndul don ghrein faoi, gach áon ága rabhadar dáoine eagcrúaidh ó thinneasaibh éugsamhla tugadar chuigesean íad; agus ar gcur a láimh dhósan ar gach áon díobh, do shlánuigh sé íad.

41 ¶ Agus fós do imthighid ís na deamhain as mórán, ag éighmhe, agus ag rádh, Is tusa Críod Mac Dé. Achd dá nimdheargadh dhósan ní léigheadh sé dhóibh a rádh: go raibh a fhios aca gur bhé féin Críosd.

42 ¶ Agus ar néirghe don lá, do imthigh sé a mach, agus do chúaidh sé a nionad fasamháil: agus do bhí an slúagh agá lorgaireachd, agus tangadar chuige, agus do bhádar dá chonghbhail, do chum nách achradh sé úatha. 43 Achd a dubhairt seision ríu, Go firinneach is éigin damhsa flaitheas Dé do sheanmóir do chaithreachaibh eile leis: óir is chuige so do cuireadh mé. 44 Agus do bhíodh sé ag deanamh seanmóra a síonagogaibh na Galilé.

Copyright information for IriODomhnuill