Luke 5

Déis mirbhuilte an tachtair éisc, 10 do lean Siomon, Séumas agus Eóin, Criosd.

¶ Agus tárla, an tau do ling an pobal air déisfeach ré bréithir Dé, gur sheas seision láimh ré loch Ghenesaret, Agus do chonnairc sé dhá luing do bhí ar an loch achd do imthigheadar na híasgaireadha asda, agus do bhíadar ag nighe a líontadh. Agus ar ndul dósan a loing dhíobh, do budh lé Símón, do íarr sé air dul beagán ón tír. Agus ar suidhe dhó do theagaisg sé an pobal as an luing.

¶ Agus mar do sguir sé do labhairt, a dubhairt sé ré Símón, Déunuigh romhaibh ar an ndubhaigéun, agus leigidh sios bhir líontagh chum gabhála. Agus ar bhfreagra do Shímon a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, do thuirrsigheamar sinn féin feadh na hoidhche uile, agus níor ghabhamair éin ní: achd cheana ar do bhreithir se cuirfe mé síos an líon. Agus an tan do rinneadar so, do íadhadar ar iomarchuigh éisg: ionnus gur briseadh a líon. Agus do sméideadar ar a gcompánachuibh, do bhí ann sa luing eile, do chum go dtiocfaidis chuca do thabhairt chunghnamh, dhóibh. Agus thangadarsan, agus do líonadar an dá luing, ionnus go rabhadar a niunmhe a mbáidhte. Agus an tan do chonnairc Símon Peadar so, do shléuchd sé ag giúinibh Iósa, ag rádh, Imthigh úaim a Thighearna; óir is duine peacthach mé. Óir do ghabh eagla é féin, agus a raibh na fhochair uile, ar son na gabhála éisg do ghabhadar: 10 Agus mar an gcéadna Séumas, agus Eóin, clan Shebedei, do bhí na gcompánachuibh ag Simon. Agus a dubhairt Iósa ré Símon, Na bíodh eagla ort; as so a mach bíaidh tú iasgaire ar dháoinibh. 11 Agus an tan tugadarsan a ienga chum tire, ar bhfagbháil an uile neither dhóibh, do leanadar eisean.

12 ¶ Agus tárla, an tan do bhí sé a ccathruigh áirighe, fénch óglach lán do lubhra: agus ar bhfaicsin Iósa dhó do leig sé é féin síos ar aghaidh, agus do ghuidh sé é, a rádh, A Thighearna, más toil leachd é, is éidir leachd misi do ghlanadh 13 Agus ar sineadh a láimhe, do bhean sé ris, ag radh, As toil: bí glan. Agus dfag an lubhra é ar an mball. 14 Agus do aithin sé dhe gan a innisin do dhuine ar bith: achd imthigh, taisbéin thú féin don tsagart, agus íodhbair ar son do ghlanta, mar do aithin Máoisi, mar fhíaghnaisi dhóibh. 15 Achd is móide do leathnuighe a thúarasghbháil sin: agus do chruinnigh slúagh mór déisdeachd ris, agus dfagháil fóiríghne a dteinneas úadh.

16 ¶ Achd do chúaidh seisean fá leith ar an bhfasach, agus do rinne sé urnuighe.

17 ¶ Agus tárla go raibh sé lá áirighe, ag teagasg, agus go rabhadar na Phairisínigh agus doctúirí an dlighe na suidhe a láthair, noch tháinic as gach uile bhaile don Ghalilé, agus do thir Iúdaighe, agus ó Jerusaléim: agus do bhí cumhachda an Tighearna chum a slánuighthe. 18 Agus, féuch, do íomchradar dáoine a leabuidh oglach do bhí a bpairilis: agus do íarradar a thabhairt a sdeach, agus a chur na fhíadhnuisisean. 19 Agus an tráth nach bhfuaradar cáoi ar a thabhairt a sdeach tré mhéud ná cuideachda, do chúadar súas ar a tigh, agus do léigeadar é féin, agus a leabuidh sios tríd an slinnteach ar lár, a bhfíaghnuisi Iósa. 20 Agus ar bhfaicsin a gcreidimh dhósan, a dubhairt sé ris, A dhuine, a táid do pheacuidh ar na maithleamh dhuit. 21 Agus thionnsgnadar na sgríobuidhe agus na Phairisinigh diosbóireachd do dhéanamh, ag rádh, Créd é an fearsa labhras blaisphéimighe? Cía fheúdus peacuigh do mhaitheamh, achd Día ná áonar? 22 Achd ar naithne a smúaintighe Díosa, do fhreagair sé, agus a dubhairt sé ríu; Créd é an ní so smuaintighthísi an bhur gcroidhthibh? 23 Cia is usa, a rádh, A táid do pheacuidh ar na maitheamh dhuit; ná a rádh, Eirigh agus siobhail? 24 Achd do chum go mbeith a fhíios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine, peacuidh do mhaitheamh ar an dtalamh, (a dubhairt sé ré fear na pairilisi,) A deirimsi riot, Eirigh, tóg do leabuidh, agus imthigh dod thigh. 25 Agus ar néirghe dhósan ar an mball an a bhfiadhnuisi, do thóg an leabuidh an raibh sé na luighe, agus do chuaidh sé dhá thigh fein, ag moládh Dé. 26 Agus do ghabh úathbhás cách uile, agus do mholadar Día, agus do líonadh deagla íad, ag rádh, Do choncamair neithe doichreidte a niugh.

27 ¶ Agus tar éisi so do chúaidh Iósa a mach, agus do chonnairc sé puibliocán, dár bháinm Lébhi, na shuidhe ag bord an chusduim: agus a dubharit séris, Lean misi. 28 Agus ar bhfágbháil gach éin neithe dhósan, déirigh sé, agus do lean sé eisean.

29 ¶ Agus do rinne Lébhi féusda mór dhó an a thigh féin: agus do bhí cuideachda mhór phuibliocán agus dáoine eile do shuidh na bhfochair. 30 Agus do rinne cuid díobh do bhi na sgríobuidhibh agus na Bhphairisíneachuibh monabhar a naghaidh a dheisciobalsan, ag rádh, Creud fá niththísi agus fá nibhthí a bhfochair na bpuibliocán agus na bpeacthach? 31 Agus ag freagra a dubhairt Iósa ríu, Ní bhfuil ríachdanus leágha ar na dáoinibh slána; achd ar na dáoinibh tinne. 32 Ní tháinic misi do ghairm na bhfiréunach, achd na bpeacthach chum aithrighe.

33 ¶ Achd a dubhradarsan ris, Créud fá dtroisgid deisciobail Eóin go minic, agus créd fá ndéunuid síad urrnaighe, agus mar an gcéudna deisciobail na Bhphairisíneach; achd ithid agus ibhid do dheisciobailsi? 34 Agus a dubhairt seision ríu, An bhféadtáoisi a thabhairt air chloinn tséomra an fhir núa phósda trosgadh do dhéunamh, an feadh bhías sé féin na bhfochair? 35 Achd tiocfaid na láethe an tan bhéurthar an fear núa phósda úatha, ann sna láethibh sin do dhéunuid síad trosgadh.

36 ¶ Agus a dubhairt sé fós tré chosamhlachd ríu; Ní chuireann neach ar bith preabán éuduigh núa air sheanchulaidh, nó, brisidh an téudach núa é, agus ní thig an preabán núaéuduigh leis a tseinéudach? 37 Agus ní chuireann duine ar bith fíon núa a seanbhuidéuluibh; nó brisfidh an fíon núa na buidéil, agus dóirtfidhear an fíon agus rachuid na buidéil a múgba. 38 Achd fíon núa is cóir do chur a mbuidéuluibh núadha; agus béid síad aráon slán. 39 Agus ní bhfuil duine ar bith ibheas seinfhíon lér ab áill fíon núa ar ball: óir a deir sé, Is é seinfhíon is folláine.

Copyright information for IriODomhnuill