Luke 6

Fúascaltá na ceisde um na sáoire, 20 le searmóin um shonuis agus anrath, 27 agus ghrádh dar neascairdibh.

¶ Agus tárla ag ghabháil trí ghortuibh dhósan, an dara sábboid taréis an cheud gur bheanadar a dheisciobáil déusa, agus tar éis a gcunnealta eidir a lámhuibh dhóibh, dúadar íad. Achd a dubhradar cuid do na Pharisineachuibh ríu, Créd fa ndéuntáoi ní nach indéanta ann sa tsáoire? Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, An né nár leughabhuirsi an ní so, do rinne Dáibhi, an tan do bhí ocrus air féin, agus ar an mhuinntir do bhí na fharradh; Cionnus do chúaidh sé a sdeach go tigh Dé, agus do ghlac sé arán na fiaghnuisi agus a dúaigh sé é, agus tug sé fós don mhuinntir do bhí na fhochair é: noch nár choir ithe achd do na sagurtuibh amháin? Agus a dubhairt seisean ríu, As Tighearna don tsábboid féin Mac an duine.

¶ Agus tárla fós a sábbóid eile, go ndeachuidh seisean a sdeach don tsinagóg agus gur theaguisg sé: agus do bhí óglach ann sin agá raibh a lámh dheas ar na seargadh. Agus do bhí coimhéud ag na sgríobuidhibh agus ag na Pharisineachuibh airsean, dá fhéuchuin an ndéanadh sé leigheas ann sa tsábbóid; do chum go bhfuighidís adhbar gearáin air. Achd daithin seisean a smúaintighthe, agus a dubhairt sé ris an duine agá raibh an lámh sheargthuigh, Eirigh, agus seas a lar cháich. Agus do éirigh seision agus do sheas sé. Ann sin a dubhairt Iósa ríusan, Fíafróchaidh misi dhíbhsi ní áirighe An cóir maith do dheanamh, nó olc dhéanamh sá tsábbóid? anum do shábháil, nó do sgrios? 10 Agus an tan do fhéuch sé orrtha uile na thimcheall, a dubhairt sé ris a nóglach, Sín amach do lámh. Agus do rinne seisean mar sin: agus do haiseagadh a lámh slán mar an lámh eile. 11 Agus do líonadh íadsan do chuthach; agus do lúaidheadar ré a chéile créd do dheunaidis ré Híosa.

12 ¶ Agus tárla ann sna láethibh sin, go ndeachuidh seisean amach ar shlíabh do dhéunamh úrnaighe, agus do chaith sé an oidhche ag guidhe Dé. 13 Agus ar néirghe don lá, do ghoir sé a dhesiciobail chuige: agus do thogh sé dhá fhéar dhéug asda, dár ghoir se absdail; 14 Simon, dár ghoir sé fós Peadar, agus Aindrías a dhearbhráthair, Séumas agus Eóin, Philip agus Bartoloméus, 15 Matha agus Tomás, Séumas mac Alphei, agus Simon da ngoirthear Selótes. 16 Iudás deatbhráthair Shéumuis, agus Iudás Iscariót, (an té fós do bhráth eision).

17 ¶ Agus táinig sé a núas léo, agus do sheas sé ar mhachuire réidh, agus a choimhthionól deisciobail, agus mórán mór do phobal ó thír Iúdaighe uile agus ó Ierusalem, agus ó chois fairrge Thírus agus Shídon, noch tháinig deisdeachd leisin, agus dfagháil leighis ar a neasláintibh; 18 Agus a raibh ar ná gciorrbhadh ag spioraduibh neamhglana, agus do leighiseadh íad. 19 Agus do bhí an slúagh uile ag íarruidh cuimealta ris: óir do bhídh subhailce ag dul úadh, agus do shlánuidh sé iad uile.

20 ¶ Agus are dtógbháil a shúl súas dósan air a dheisciobluibh, a duiubhairt , As beannaighthe sibhsi a dháoine bochda: óir as libh flaitheas Dé. 21 As beannaighthe sibh a dháoine atá ocrach a nois: óir sáiséochthar sibh. As beannaighthe sibhsi cháoidheas a nois: óir do dhéuntáoi gáire. 22 As beannaighthe bheithí, an tráth fhúathóchuid dáoine sibh, agus chuirfid siad as a gcuideachda sibh, agus imdheargfuid sibh, agus chuirfid bhur nainm amach mar olc, ar son Mhic an duine. 23 Déunnidh gáirdeachus an lá sin, agus éirghidh a náirde ré lúthgháire: óir, féuch, as mór bhur lúaidheachd ar neamh: oír as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na faibhibh. 24 Achd as anáoibhinn dáoibhsi a dháoine saidhbhre! óir atá bhur sólás aguibh. 25 As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá sáitheach! óir biáidh ocras orúibh. As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá a gáirighe a nois! óir cáoifidhe agus goilfidhe. 26 As anáoibhinn dáoibh, an tráth a déuruid na huile dháoíne mith ribh! óir as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na fáidhibh fallsa.

27 ¶ Achd a deirim ribhsi atá ag éisdeachd, Grádhuighidh bhur námhuid, déunuidh maith don dreim air ar fúadh sibh, 28 Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim mhalluigheas sibh, agus déunuidh urrnaíghe ar son na muinntire do ní bhur ndíoghbháil. 29 An té bhúaileas tú air a ngíall iompó chuige an gíall eile; agus an té bheanus do chlóca dhíot ná bac dhe do chíota fós a bhreith leis. 30 Agus tabhuir do gach neach íarrus ort; agus ón te thógbhás do chuid úait ná híarr air ais é. 31 Agus mar as toil libh dáoine do dhéunamh dhíbh, deunuidhsi mar an gcéudna dhóibhsin. 32 Oír má tá grádh aguibh don mhuinntir ghrádhuigheas sibh, créud é an buidheachus bhías oruibh? óir grádhuighid ná peacthuigh féin na dáoine ghrádhuigheas íad. 33 Agus má níthí maith don mhuinntir do ní maith dhíbh, créud é an buidheachus bhías oruibh? óir do níd na peachtuidh féin an gcéadna. 34 Agus dá dtugtháoi áirleagadh dona dáoinibh ó a sáoltí a fhagháil a rís, créud é an buidheachus bhias oruibh? óir do bheirid na peachthaidh áirleagadh do na peachthachaibh, do chum go bhfuighdís a leitheid a rís. 35 Ar a nadhbharsin grádhuighidh bhur námhuid, agus déunuidh maith, agus tabhruidh áirleaghadh úaibh, gan súil ré héinní arís; agus budh mór bhur lúaideachd, agus beithí bhur gcloinn ag an té as Airde: óir bí seisean cinealta les na dáoinibh dombuídheacha agus saithe. 36 Ar a nadhbharsin bíthísi trócaireach, mar atá bhur Nathuir trocuireach. 37 Agus ná beiridh breath, agus ní bhéurthar breath oruibh: ná damnuighe, agus ní daiméontar sibh: maithidh, agus maithfithear dháoibh: 38 Tabhruidh úaibh, agus do bhéurthar dháoibh; agus do bhéuruid dáoine an bhur nnched, moisúr maith, dingthe, craithte agus ag dul thairis. Oír as lesi an miosúr an a dtoimhéosdáoi, toimhéosdar mar an gcéudna dháoibh. 39 Agus do labhuir se cosamhlachd ríu, An bhféudann an dall dhall eile dothreorigheadh? an ne neach duitdfid aráon sa díg? 40 Ní bhfuil an deisciobal ós cionn a mhaighisdir: achd gidh bé neach bhus diongmhála, bíaidh sé mar a mhaighisdir. 41 Agus créud fa a bhfaiceann tú an broth beag a súil do dhearbhráthar, agus nach dtugair dod aire an tsail atá ad shúil féin? 42 Nó cionnus as éidir leachd a rádh réd dhearbhrathair, A dhearbhrathair, léig dhamh an broth atá ad shúil do bháin aisde, agus nách bhfaiceann tú an tsail atá ad shuil féin? A fhir an dhúarchrábhuidh, ar tus teílg amach an tsail as do shuil féin, agus an sin bhus léir dhuit, an broth atá a súil de dhearbhráthar do bhúain aisde. 43 Oír ni maith an crann iomchras drochthoradh; agus ní holc an crann iomchras toradh maith. 44 Oír is ó a thoradh aitheantar gach uile chrann. Oír ní chruinnighid dáoine fígidhe do dheilgneach, na cáora fineamhna do dhriseach. 45 Do bheir an duine maith ní maith as cisde maith a chroidhe féin; agus do bheir an droch dhuine droch ní as droch chisde a chróidhe fein: oír is as iomarcuidh an chróidhe, labhrus an béal.

46 ¶ Achd créud fá ngoirthísi, A Thighearna, a Thighearna dhíomsa, agus nach déuntáoi na neithe a deirim? 47 Gach uile neach thig chugamsa, agus éisdeas rém bhríaththruibh, agus do ní dhá reir, foillséochuidh mé dháoibhsi cía ré ar cosmhuil é: 48 As cosmhuil é ré neach do thóg a thigh, agus do thochail, agus do chúaidh go domhuin a dtalumh, agus do chuir a shocrughadh ar charruig: agus mar tháinig an tuile, do bhúail an sruth go fíochmhar fán dtigh úd, achd níor bhéidir leis a chorrughadh: óir do bhí sé socrughthe ar charruig. 49 Achd gidh bé chluin, agus nach deun, as cosmhuil é ré neach do thóg a thigh air thalamh gan socrughadh; air ar bhúail an tuile go fíochmhar, agus do thuit sé do láthair; agus ba mór tuitim an tighe sin.

Copyright information for IriODomhnuill