Luke 7

Sáruighthe an caiptin pagnnach na Hiuduighe a ccreideamh. 36 Bí Criosd na charaid don pheacthach úirisil.

Agus an tráth do chríochnuigh sé a bhríathra uile a néisdeachd an phobail, do chúaidh sé a sdeach go Capernáum. Agus do bhí óglach caiptin áirighe, go bréoite, a riochd bháis, air a raibh cion mór aige. Agus an tan do chúaluidh sé tuarasgbháil Iósa, do chuir sé sinnsir na Níuduighe chuge, ag íarruidh air teachd agus a shearbhfhoghantuidhe shlánughadh Agus an tan thangadar so chum Iósa, díarradar air go díthcheallach, ag rádh, Gur bhfíu é so do thabhuirt dó: Oír atá grádh áige dar gcineadhne, agus do thóg sé sionagóg dhúinne. Agus do chuaidh Iósa léo. Agus an tan do bhí sé a ngar don tigh, do chuir an caiptín a cháirde chuige, ag rádh ris, A Thighearna, Ná cuir búaidhreadh ort féin: óir ní fíu misi go rachfá a sdeach fá chléith mo thighe: Ar a nadhbharsin níor mheas mé gur bhfíu mé féin dul ad ionnsuighe: achd abhuir a bhfocal, agus bíaidh móglach slán. Oír as duine misi féin atá faoi chumhachdiabh. Aga bhfuilid saighdíuirigh fum, agus a deirim ris an bhfearso, Imthigh, agus imthighe sé; agus ré fear eíle, Tárr, agus thigh sé; Agus ar ná gcloisdin so Díosa, do bhí iongnadh aige ann, agus ar bhfilleadh dhó, a dubhairt sé ris a tslúagh do lean é, A deirim ribh, Nach bhfuair mé a Nisrael féin, a chomhmór se do chreideamh. 10 Agus ar bhfilleadh a steach, do na teachduiribh do cuireadh chuige, fúaradar an searchfhoghantaidh do bhí tinn slán.

11 ¶ Agus tárla an lá na dhiáigh sin, go ndeachaidh sé don chathruigh dá ngoirthear Náin; agus do chúadar mórán dá dheisciobluibh leis, agus buidhean mhór. 12 Agus an tan tháinig sé a ngar do dhoras na caithreach, fénch, do bhí duine marbh agá bhreith amach, do bhí na áon mhac agá mháthair, agus í na baintreabhaigh; agus do bhí coimhthionól mór ón chathruigh na fochair. 13 Agus ar na faicsin don Tighearna, do ghabh trúaighe mhór dhi é, agus a dubhairt sé ría, Na guil. 14 Agus táinic sé agus do bhean sé ris an gcomhraidh: (agus do sheasadar an luchd do bhí agá iomchar) agus a dubhairt sé; A ógánaigh, a deirim riot, éirigh. 15 Agus déirigh an duine marbh na shuidhe, agus do thionnsgain sé labhairt. Agus tug sé dhá mháthair féin é. 16 Agus do ghabh eagla íad uile: agus tugadar glóir do Dhía, ag rádh, Déirghe fáidh mór an ar measg; agus, Dféuch Día ar a phobal féin. 17 Agus do chúaidh an túarasgbháil so amach air féadh thíre Iúdaighe uile, agus air feadh gach éintíre timcheall.

18 ¶ Agus dinnseadar a dheisciobail na neithe so uile Déoin. 19 Agus are ngairm Deóin deisi áirighe dá dheisciobluibh chuige do chuir sé dionsuighe Iósa íad, ag rádh, An tusa an té do bhí chum teachda? nó an bhfuilmid ag feathamh ré neach eile? 20 Agus an tan thangadar na firsi shuigesean, a dubhradar, Do chuir Eóin Baisde sinne chugad, ag rádh, An tusa an té do bhí chum teachda? nó an bhfuilmid ag feathamh ré neach eile? 21 Agus ar an uár sin fein do chlánuigh seisean mórán dáoine ó easláintibh agus ó phláighibh, agus ó dhroch spioraduibh; agus thug sé á radharc do mhórán dall. 22 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Ar nimtheachd díbh, innisidh Deóin na neithe do chonncabhair agus do chúalabhair; go bhfaicid na daill, go siubhlaíd na bacuidh, go nglantar na lobhair, go gchimid na bodhair, go néirghid na mairbh, go bhfuil an soisgéul dá sheanmóir do na bochdaibh. 23 Agus as beannaighthe an , nach bhfuighe oilbhéim ionnumsa.

24 ¶ Agus an tráth do imthigheadar teachdairighe Eóin, do thionnsgoin seison a rádh ris an bpobal a dtimcheall Eóin, Créud é an ní agá ndeachabhair dhá fhéuchain amach ar an bhfásach? An giolcach ar na bhogadh ag an ngaoith? 25 Achd créud é an ní agá ndeachabhair amach dá Chéuchuin? Duine atá ar na éudughadh a néuduighibh mine? Féuch, an luchd bhíos a néudaighibh onóracha, agus a saimhe, is a bpálásuibh na ríogh bhíd said. 26 Achd créd é an ní agá ndeachubhair amach dhá fhéuchuin? Fáidh? A deirim ribh go firinneach, agus ní as mó ná faidh. 27 Ag so an te, ar a bhfuil sgríobhtha, Féuch, cuirim mo theachdaire romhad, oillmhéochus do shlighe romhad. 28 Oir a deirim ribh, Nach bhfuil éidir chlannuibh na mban faidh as mó ná Eóin Baisde: Achd cheana an té as lugha a rioghachd Dé as mó é na eisean. 29 Agus ar na gcloisdin so, do mholadar an pobal uile, agus na puibliocáin, Día, do bhí ar na mhaisdeadh ré baisdeadh Eóin. 30 Achd tugadar na Phairsínigh agus an luchd dlighe tarcuisne ar choinhairle Dé na naghuídh féin, gan a bheith ar na mhaisdeagh úadhsan.

31 ¶ Agus a dubhairt an Tighearna, Cía ré saimhéola mé daóine an chinidh so? agus cía ré ar comshuil íad? 32 As cosmhul íad re leanbuibh na suidhe ar áit an mharguidh, agus éighmheas ar á chéile, agus a deir: Dó rinneamair píobaireachd dhaóibh, agus ní dhearnabhair damhsa; do rinneamair caoí dhaóibh, agus ní dhearnabhair gul. 33 Oír tháinig Eóin Baisde ní ag ithe aráin ná ag ol fíona; agus a deirthísi, Atá deamhan ann. 34 Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól; agus a deirthí, Feuch an duine cráosach, fioníobhaighe cara na bpuibliocán agus na bpeachthach! 35 Achd atá an eagna ar na sáoradh ó na cloinn féin uile.

36 ¶ Agus do íarr duine áirighe do na phairisíneachaibh air, bíadh ithe na fhochair. Agus ar ndul a sdeach go tigh an phairisínigh dhó, do shuidh sé sios chum bídh. 37 Agus, féuch, an tráth fúair bean don chatbraigh, do bhí na peachthach, a fhios go raibh sé na shuidhe ag bíadh a dtígh an phairisinigh, tug si bocsa ola lé, 38 Agus ar seasamh agá chosuibh don táobh shiar dhe ag gul, do thionnsgain sí a chosa dionnladh lé na déuruibh, agus a dtiurmughadh lé gruáig a cinn, agus do phóg sí a chosa, agus do ong sí leis an ola íad. 39 Agus an tan do chonnaire an phairisineach tug an cuirteadh dhósan sin, smuáin sé na inntinn, ag rádh, Dá madh fáidh an fearso, daithnéochadh sé cía agus gá bionnus an bheanso bheanus ris, óir as peacthach í. 40 Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé rís, A Shiomóin, atá ní agam ré rádh riot. Agus a dubhairt seision, A Mhaighisdir, abuir romhad. 41 Do bhádar días dfeitheamhnuibh ag fear áirligthe: do dhligh sé cúig chéad pighinn dfior aca, agus cáogad don dara fear. 42 Agus an tráth nach raibh díolaigheachd ag ceachdar díobh ré na thabhairt dó, do mhaith sé dhóibh aráon. Uime sin ínnis damhsa, cia aca léir ab annsa é? 43 Agus ar bhfreagra do Shímón a dubhairt sé, Measuim gur leis an té, dár mhaith sé an tsuim as mó Agus a dubhairt seision is, As maith an bhreath rug tú. 44 Agus ar bhfilleadh dhó chum na mná, a dubhairt sé ré Síomón, An bhfaicean tú an bhean so? tháinic misi a sdeach dod thighsi agus ní thug tú uisgi chum mo chos díonladh: achd do nigh an bhean so mo chosa le na déuruibh, agus dé thiormuigh sí íad le grúaig a cinn. 45 Ní thug tusa póg dhamh: achd ó tháinig mé a sdeach níor choisg sisi do phógadh mo chos. 46 Níor ong tú mo cheann lé hola: achd do ong an bhean so mo chosa ré huinnement. 47 Ar a nadhbharsin a deirim riot, Go bhfuilid a hiomad peacaidh, ar na maitheamh dhi; air sin as mór a grádheas sí. Achd gidh bé dá maithtear beagan as beag grádhuigheas sé. 48 Agus a dubhairt sé ría, Atáid do pheacuidh ar na maitheamh dhuit. 49 Agus do thionnsgnadar an lion do bhí na suidhe na fhochair air an mbórd, a rádh ionnta féin, Cía an fear so mhaitheas na peacuidh mar an gceadna? 50 Agus a dubhairt sé ris an mnáoi, Do shlánuigh do chréideamh thú; imthigh a síothcháin.

Copyright information for IriODomhnuill