Luke 8

Na mna do chaith a maóin re Criosd, 4 le cosamhlacht um an tsíoladoir, 22 agus mirbhuileadh Iósa Mhic Dé.

Agus tárla na dhiáigh so, gur shiobhuil seisean tré gach cathair, agus gach baile, ag seanmórughadh, agus ag siosgéulughadh ríoghachda Dé: agus an dá fhear dhég na fhochair, Agus mná áirighe, do leigheasadh ó dhroichspioraduibh agus ó easláintibh, Muire dá ngoirthí Mhagdalén, as a ndeachadar seachd ndeamhain, Agus Ioanna bean Chúsa feadmannuigh Iorúaith, agus Susanna, agus mórán eile, do chaith risean dá máoin féin.

¶ Agus an tan do chruinnigh buidhean mhórr, agus trangadar as gach uile chathruigh chuigesion, do labhair sé a gcosamhlachd riú: Do chúaidh síoladóir áirighe amach do chur a shíl féin: agus ag cur an tsíl do, do thuit cuid de chois na sligheadh; agus ag cur an tsíl dó, do thuit cuid de chois na sligheadh; agus do brughadh fá chosaibh dáoine é, agus dithadar énlaith a naiéir é. Agus do thuit cuid eile ar charraic; agus ar bhás dó, do shearg sé, do bhrígh nach raibh taisleach aige. Agus do thuit cuid eile a measg deilguigh; agus ar bhfas don deilgneach a náoinfheachd ris, do thachdadar é. Agus do thuit cuid eile a dtalamh mhaith, agus an tan do fhás sé, tug sé toradh céadach úadh. Agus ar na rádh so dhó, do éigh sé, Gidh be agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.

¶ Agus do fhiáfruigheadar a dheisciobuil de, ag rádh, Créd é an chosamhachdsin? 10 Agus a dubhairt seisean, Is dáoibhsi tugadh rúndiamhra rioghachda Dé daithniughadh: achd do chách eile a ccosamhlachduibh; ionnus ag faicsin dóibh nach bhfaicdís, agus ag cluinsin dóibh nach dtuigfidís.

11 ¶ Ag so an chosamhlachd: a sé an síol bríathar Dé. 12 Agus an dream úd chois na sligheadh a siad éisdeas; na dhiáigh sin tig an díabhal, agus tógbhuidh sé an bhriáthar as a gcróidhe, deagla go gcreidfidís agus go slánéochtháoi iád. 13 Agus an dream úd air an gcarruic, noch an tan do chluinid, gabhuid chuca an briathar maille lé gáirdeachus; achd ní bhfuil fréamh aca so, noch chreideas feadh tamuill, agus fhilleas ar a nais a naimsir an chathaigthe. 14 Achd an ní úd do thuit a measg na ndeilbneach, a siad so do éisd, achd ar nimtheachd dóibh, muchtar íad lé cúram agus lé saidhbhreas agus lé saímhe na beatha, agus ní thabhruid toradh úatha. 15 Achd an ní do thuit ann sa talamh mhaith, a said súd éisdeas ris an mbreithir, agus chungmhas é a gcroidhe shocraidh mhaith, agus do bheirid toradh úatha a bhfoighid.

16 ¶ Achd ní bhfuil neach ar bith, Iasas coinneall, fholchas fáoi shouightheach í, ná chuireas fáoi leabuidh í; achd cuiridh sé a gcoinnleóir í, do chum go bhfaicfheadh an luchd théid a sdeach an solas. 17 Oír ní bhfuil éin ní foluightheach, nach déuntar follas; na secréideach, nach bhfuighthear a fhios agus nach dtiocfaidh chum soillsi. 18 Ar a nadhbharsin tabhruidh bhur naire ribh cionnas éisdeas sibh: óir gidh be neach agá bhfuil, is dó do bhéarthar; agus gidh bé neach ag nach bhfuil, béarthar úadh an ní fós sháoiltear do bheith aige.

19 ¶ Agus tangadar a mhathair agus a dhearbhraithreacha chuige, agus níor bhéidir leó dul a ngar dhósan ón tslúagh. 20 Agus so hinniseadh dhó, ag rádh, Atá do mhathair agus do dhearbhraithreacha na seasamh a muigh, ag iarruidh tfáicsin. 21 Agus are bhfreagra dhósan a dubhairt sé riu, a siad so mo mhathairse agus mo dhearbhráithreacha noch éisdeas bríathar Dé, agus do ní dá réir.

22 ¶ Agus tárla lá áirighe, go ndeachaidh seisean agus a dheisciobuil a luing: agus a dubbhart sé riú, Déanam ar an táobh úd a nunn don loch. Agus do sdiúradar rompa. 23 Agus ag luingseórachd dóibh do thuit a chodladh airsean: agus do éirigh sdoirmgháoithe ar an loch; agus do líonadh súas íad, agus do bhádar a ngábhadh. 24 Agus ar ndol cuigesean dóibh, do dhúisgeadar é, ag rádh, A Mhaighisdir, a mhaighisdir, a támaoid ar fágbháil. Agus ar neirghe dhósan do bhagair sé ar an gaoith agus ar thonnghail a nuisge: agus do choisgeadar, agus tainic ciuinas ann. 25 Agus a dubhairt sé ríu, Cáit an a bhfuil bhar gcreideamh? agus ar mbeith le heagla dhóibhsion do ghabh iongnadh íad, ag rádh ré chéile, Cia be so! a deir ris na gáothaibh agus ris a nuisge fós bheith na dtochd, agus úmhluighid said dó.

26 ¶ Agus do rinneader loingscórachd go crich na Ngadarénach, atá as comhair na Galilé a nunn. 27 Agus ar ndol a dtír dhósan, tárla óglach áirighe as an gcathruigh air, ann a rabhadar deamhuin re haimsir fhada, agus ag nach bíodh éadach uime, agus ní comhnuigheadh sé a dtigh, achd an sna tuámaidhibh. 28 Agus ag faicsin Iósa dhó, agus ag éighmhe, do theilg sé é féin siós aga chosaibh, agus a dubhairt sé do ghuth ard, Créd é mo chuidsi dhiót, a Iósa, a Mhic Dé ro áird? Iarruim ort, gan mo phiánadh. 29 Oir do aithin sé don spiorad neamhghlan dol as an duine. Oír is iomdha uáir do bheireadh sé siothadh air: agus do cheangluidh le slabhraidhibh agus dp cpimhéaduibh le géimhleachuibh é; agus ar mbriseadh na gcuibhreach dhósan, do thiománadh an deamhan fá na fasaighibh e. 30 Agus dfiafruidh Iósa dhé, ag rádh, Créd is ainm dhuit? Agus a dubhairt seision, Leighión: do brígh go ndeachádar mórán deamhan a sdeach ann. 31 Agus diárradar air gan a chur dfiachaibh ortha dul ann sa dubhaigen. 32 Agus so bhí tréd mór muc ann sin ag inghilt ar a tslíabh: agus diárradar air a léigean doibh dul ionnta. Agus dfulaing seísion sin dóibh. 33 Agus ar ndul do na deamhnuibh as an duine, do chúadar ann sna mucaibh: agus do rith an tréd muc ris a nail ann sa loch, agus do múchadh iád. 34 Agus an trath do chunncadar a háodhairidhe an ní do rinneadh an, do theitheadar, agus ar nimtheachd dóibh dinnseador sin ann sa chatruigh agus ar na machairibh. 35 Agus do chúadarsan amach dféachain an neith do rinneadh; agus tangadar dionnsuighe Iósa, agus fúaradar an duine, as a ndeachadar na deamhuin, a na éadughadh, agus é ar deaghcheill, na shuidhe ag cosaibh Iósa: agus go ghabh eagla íad. 36 Agus an dream do bhí dhá fhéachain dinnsigheadar dhóibsion cionnas do slánaigheadh an tí iona rabhadar na deamhuin. 37 Agus diárradar luchd chríche na Ngadarenach uile airsion imtheachd úatha; oír do bhí eagla ro mhór orrtha: agus ar ndol dósan ann sa luing, dfill sé tar ais. 38 Agus díarr an fear as a ndeachadar na deamhuin air, é fein do bheith na fhochair: achd léig Iósa úadh é, ag rádh, 39 Fill dod thigh féin, agus innis meúd na neitheann do rinne Día dhuit. Agus do imthigh seision, ar feadh na caithreach uile ag innisin créd íad na neithe do rinne Iósa dhó. 40 Agus tárla, an tan do fhill Iósa tar ais gur ghabh an sluagh chuca é: óir do bhádar uile ag feitheamh ris.

41 ¶ Agus, féuch, táinic neach áirighe dar bhainm Iáirus, do bhí na úachdarán ar a tsinagóig: agus an tan do shléuchd sé ag cosaibh Iósa, diárr sé dathchuinghidh air dul leis dá thigh féin: 42 Do bhrígh go raibh éinghein inghine aige, timcheall a dá bhliadhan dég, agus í fagháil bhais. Achd ar mbeith ag imtheachd dhó do bhí an sluagh dha bhrughadh.

43 ¶ Agus bean do bhí a bhflucsa fola dá bhliadhuin dég, agus do chaith a raibh aice le leaghaibh, agus nar béidir le héinneach a leigheas, 44 Do chúaidh sí táobh shíar dheision, agus do chumail sí ré himeal a bhruit: agus do sguir a dórtadh fola ar an mball. 45 Agus a dubhairt Iósa, Cía so do bhean rium? Agus ar na shéana do chách uile, a dubhairt Peadar agus an dream do bhí na fharraidh, A Mhaighisdir, atá an slúagh ad bhrughadh agus ad phluchadh, agus a nabair tú, Cía bhean rium? 46 Agus a dubhairt Iósa, Do bhean duine éigin riom: oír do mhothuigh mé subhailce dul asam. 47 Agus an tráth do chonnairc an bhean gur hairigheadh í, táinic si ar crith, agus ag sléuchdain dósan, dfoillsigh sí dhó a bhriadhnaisi an phobuil uíle créd é an tádhbhar far chumail sí ris, agus cionnus do leigheasadh í ar an mball. 48 Agus a dubhairt seisean ría, Bíodh mainighin mhaith agad, a inghean: do shlánuigh do chreideamh thú; imthigh romhad a sióthcháin.

49 ¶ An feadh do bhí seision ag labhairt, táinic neach áirige ó úachdarán na sinagóige, da rádh ris, Fúair binghean bás; ná cuir buaidhreadh ar an Mhaghisdir. 50 Agus ar na chluinsin so Díosa, do fhreagair sé é, ag rádh, Na bíodh eagla ort: créid amhain, agus sláineóchthar í. 51 Agus ar ndul a sdeach don tigh dhó, níor fhuiling sé neach ar bith do dhul a sdeach, achd Peadar, agus Séumus, agus Eóin, agus athair agus mathair an chailín. 52 Agus do bhádar cách uile a gul, agus dá cáoineadhsa: achd a dubhairt seision, Ná guilidh; ní bhfuil sí marbh, achd na codladh. 53 Agus do rinneadarsan fonomhad faoi, tré go raibh a fhios aca go raibh sí marbh. 54 Agus ag cur cháich uile amach dhósan, agus ad breith ar a láimh, do éigh sé, ag rádh, A chalín, éirigh. 55 Agus táinic a spiorad a rís innte, agus déirigh sí ar an mball: agus do aithin sé bíadh do thabhairt dí. 56 Agus do ghabh úathbhás a hathair agus a mathair: gidheadh do áithin seision díobh gan an ní do rinneadh dinnísin do dhuine ar bith.

Copyright information for IriODomhnuill