Luke 9

Uír na nccos do chrathadh anaghaidh dhaoine do theagaisc. 51 Gan bhéith dioghaltach. 57 Agus gan Chríosd do leanmhuin ar scáth sceimhe, nó arson éadala agus onoir.

Agus ag gairm a dhá dheisciobal deg dhó, tug sé neart agus cumhachda dhóibh art na huile dheamhnuibh, agus ar easláintibh do leigheas. Agus do chuir sé iád do sheanmoír ríoghachda De, agus do leigheas na ndáoine easlán. Agus a dubhairt sé riú, Ná beiridh ní ur bith libh chum na sligheadh, bataighe, ná tiach lóin, ná arán, ná aírgead ná biodh dhá chóta ag cách. Agus gidh bé ar bidh teach an a rachtáoi a sdeach, gur ab ann sin fhanfáoi, agus gur ab as rachtái amach. Agus gidh bé nach géubhuidh chuca sibh, ar bhfagbháil na caithreachasin dáoibh, craithidh fós an lúathbreachán dá bhur gcosnibh mar fhíadhnuisi na naghaidh. Agus do imthigheadarsan, trís agus do ghabhadar na mbailtreach, ag déanamh seanmóra agus ag leigheas ann gach uile bhall.

¶ Agus do chúaluidh Iórnáith an Tetraren gach uile ní dá ndeamuidh seision: agus do bhí sé a namharus, do brigh go ndubhradar dáoine áirighe, gur éirigh Eóin ó mharbhuidh; Agus dáoine eile, Gur fhoillsigh Elias é féin; agus dáoine eile, Gur eirséirigh faigh éigin do na seanfháighibh. Agus a dabhairt Iorúaith, Do bhean misi a cheann Deóin: agus cia hé so, ar a gcluinim a leithéde so? Agus diarr sé eision dfaicsin.

10 ¶ Achd ar bhfilleadh do na habsdalnibh, dinnseadar dhósan gach ní dhá ndearnadar. Agus ar na mbreith leis do, do chuáidh sé fá Leith ar fhásach na ciathreacha dá ngoirthear Betsáida. 11 Agus an tan, do aithin an pubal sin, do leanadar é: agus ar na ngabháil chuige dhó, do labhair sé ria a dtimcheall rioghachda Dé, agus do shlánaigh sé an chuid díobh ar a raibh úireasbhuide leigbis.

12 ¶ Agus do bhí an lá ag dol thárrsa, agus trangadar an dá fhear dhég chuigesion, agus a dubhradar ris, Léigh uáit an slúagh, ionnus go numéochaidis fa na bailtibh agus fan tír do leathnughadh, agus go ccomhnuidhid, agus dfaigháil bídh: óir a tamáoid ann so a náit fhásamhuil. 13 Achd a dubhairt seision riú, Tabhruidhsi ní lé na ithe dhóibh. Agus a dubhradarsan, Ní bhfuil ní is mó aguinn ná cúig aráin agus dá iásglachsd mona dteímis do cheannach bidh don phobal so nile. 14 Oír do bhádar a dtimcheall chuig míle fear. Achd a dubhairt seisión ré na dheisciobluibh, Cuiridh na suidhe iád na gcaogadaibh. 15 Agus do rinneadarsan amhlaidh, agus do chuireadar na suidhe iád nile. 16 Agus ar ngabháil na gcúig narán agus an dá iásgdhósan, agus ar bhféachain sias ar neamh, do bheannuigh sé iád, agus do bhris sé, agus tug sé dhá dheisciobluibh iád do chum go gcuirfidís a bhfiadhnuisi an phubail iád. 17 Agus a dithadar, agus do sasaigheadh iad uile: agus do tógbhadh dhá chlíabh dhég do bhíadh bhrisde do bhí dfhuighioll aca.

18 ¶ Agus tárla, an tan do bhí sé na áonar ag déanamh urnuighe, go rabbadar a dheisciobuil na fhochair: agus gur fhíafruidh sé dhíobh, ag rádh, Créd a deir an slúagh cía misi? 19 Agus do fhreagradarsan agus a dubhradar, Eóin Baisde; agus cuid eile, Elías; agus cuid eile, gur éighe fáigh éigin do na seanfháighibh a rís. 20 Agus a dubhairt seision riú, Achd cred a deárthaoisi cía mé? agus ar bhfreagra do Pheadar a dubharit sé, Criosd Dé. 21 Agus ar ndeanamh bagiar orrtha dhó, do aithin sé íad gan so dinnisin do dhuine ar bith; 22 Ag rádh, Gur ab éigin do Mhac an duine mórán dfulang, agus a dhinltadh ó na sinnsearnibh agus ó úachdaránnibh na sagart agus ó na sgriobuidgibh, agus bás dfulang, agus éirghe an tres lá.

23 ¶ Agus a dubhairt sé riá uile, Madh áill ré héinneach misi do leanmhuin, díultadh sé dho féin, agus toghbadh sé a chros gach láoi agus leamadh sé misi. 24 Oír gidh bé lér ab aill an anam do shlánaghadh caillfidh sé é: agus gidh be chaillfeas a anam ar mo shousa, a sé so shláineochas é. 25 Oír créd a tharbha do dhuine, dá ngnoghuigheadh sé an domhan uile, agus go gcaillfeadh sé, nó go léigfeadh sé a mugba é féin? 26 Oír gidh bé le budh nár misi agus mo bhriathra, budh nár le Mac an duine eision, an tráth thiocfas sé ann a ghloír fein, agus Athar, agus na naingeal náomhtha. 27 Agus a déirim ribh go firianeach, Go bhfuilid cuid don mhuintir ata á láthair ann so, nach blaisfidh bás, nó go bhfaicfid rioghachd Dé.

28 ¶ Agus tárla a dtimcheall ochd lá tar éis na mbriatharsa, ar mbeith Pheadair agus Eóin agus Shéamuis leis, go ndeachaidh sé súas ar shlíabh do dhéanadh urnuighe. 29 Agus tárla ag deanamh urnuighe dhó, gur hathruigheadh fioghair a aighthe, agus go ndearnadh a éadach geal dealruigheach. 30 Agus, féuch, do bhádar días fear ag comhrádh ris, mar atá Máoisi agus Elías: 31 Noch do chomcas a nglóir, agus dfoillsigh an bás, do fhuilcongadh sé a Niarusalem. 32 Agus do bhí codladh trom ar Pheadar agus ar a ndroing do bhí na fharradh, agus an tan do dhuisgeadar, do channcadar a ghloírsion, agus an dias fear do bhí na seasamh na fhochair. 33 Agus tárlá, agá fhagbháil doibh, go ndubhairt Peadar réllíosa, A Mhaighisdir, is maith sinne do bheith ann so: agus déanam trí botha; both dhuitsi, agus both do Mháoisi, agus both Dhelías: gan fios aige créd a dubhairt sé. 34 Agus an tan a dubhairt sé só, táinic néull, agus do theilg sé agáile orrtha: agus do ghabh eagla iásdsan an tan do chuádar ann sa néull. 35 Agus táinic gith as a néull, ag rádh, Ag so mo Mhac gradhachsa: éisdigh ris. 36 Agus ar teachd don ghuthsin, do fríoth Iósa na áonar. Agus do bhadarsan na dtochd, agus nior innisiodar dáonduine ann sna laéthibhsin ní ar bith dhá bhfacadar.

37 ¶ Agus tárla, an lá na dhiáighsin, ar ndul síos don tslíabh dhóibh, do dtárla slúagh mór airsion. 38 Agus, féuch, do éigh neach don tslúagh, ag rádh, A Mhaighisdir, iárruim ort, feuch ar mo mhac: oír a sé méinghein é. 39 Agus, féuch, beirídh an spiorad air, agus éimhigh sé go hobann; agus tairrngidh sé as a cheile é ag cur cubhair amach, agus is ar éigin fhágfas sé é tar éis a chomhmbrúghadh. 40 Agus diárr mé ar do dheiscioblaibhsi a chur as; achd níor fhéadadar. 41 Agus ar bhfreaga Díosa a dubhairt sé, A chineadh míchreidmheach cláon, ga fad fós bhiás mé eadruibh, agus fhuileongas mé sibh? Tabhair do mhác leachd an so. 42 Agus ad teachd chuige dhó, do bhúail an deamhan síos é, agus do tharruing sé as a cheile é. Achd do imdhearg Iósa an spiorad neamhglan, agus do leighis sé an leanabh, agus thug sé dhá athair fein é.

43 ¶ Achd do ghabh úathbhás cách uile trí mhórchumhachd Dé. Agus ar mbeith ag déanamh iongantus doibh uile ann gach uile ní da ndearnuidh Iósa, a dubhairt sé ré na dheiscioblaibh, 44 Taisgidh na bríathrasa ann bhur gcluasaibh: óir tiofuidh chum chríche go dtiobharthar Mac an duine a lámhuibh na ndaóine. 45 Achd níor thuigeadarsan an comhrádhsa, agus do bhí sé ar na fholach úatha, ionnas nar airigheadar é: agus do bhí eagla orrtha ceisd do chur airsion a dtimcheall an chomhráidh sin.

46 ¶ Agus déirigh diospóireachd eatarra, cía dhíobh féin budh mhó. 47 Agus ar bhfaicsin smuaintighe a gcroidhe, Díosa, do ghabh se leanabh chuige, agus chuir sé na aice féin é. 48 Agus a dubhairt sé riú, Gidh bé ghéubhas chuige an leanabh so a mainmsi is misi ghabhas se chuige: agus gidh bé ghéubhas misi chuige, gabhuidh sé chuige an té do chuir uádh mé: óir gidh bé is lugha eadruibhsi uile, bíaidh se mór.

49 ¶ Agus ar bhfreagra Déoin a dubhairt sé, A Mhaighisdir, do chunncamairne duine áirighe ag teilgean deamhan a mach ad ainuisi; agus do thoirmeasgamar é, ar son nach leananu sé dhínne. 50 Agus a dubhairt Iósa ríu, Ná toirmeasuidh é: oir gidh bé nach bhfuil ar naghuidh atá sé linn.

51 ¶ Agus tárla, an tan do coímhliónadh laéthe a nglacfaidh súas é, gur chuir sé roimhe go daingion dul go Hiárusaléim. 52 Agus do chuir sé teachdairighe róimhe: agus ar nimtheachd dóibh, do chúadara sdeach a mbaile na Samáritánach, do chum go ndéanaidís ullmhaghadh roimhesion. 53 Achd niór ghabhadársan chuca é, ar son go raibh a agháidh mar bhiagh sé dul go Hiarusalém. 54 Agus an tráth do chuncadar a dheisciobuilsion Séumas agus Eóin so, a dubhradar, A Thighearna, a naill leachd go nabramáois teine do theachd a núas ó neamh, dá losadh síad, mar do rinne Elías leis? 55 Agus ar gcasadh dhó, do imdhearg sé iad, agus a duibhairt sé, Ní bhfuíl a fhios aguibh créd é an spiorad dár dhe sibh. 56 Oír ní thaínic Mac an duine do sgríos anmann na ndáoine, achd dá slánughadh. Agus do chúadar as sin go bhaile eile.

57 ¶ Agus tárla, ar nimtheachd dóibh san tslíghe, go ndúbhairt neach áirighe rision, Leanfuidh misi thú gidh bé háit ann a racha tú, a Thighearna. 58 Agus a dubhairt Iósa ris, Ataíd fúachaisighe ag na sionnchaibh, agus neíd ag éanlaith a naiéir; achd ní bhfuil áit ag Mac an duine ann a gcurfeadh sé a cheann. 59 Agus a dubhairt sé ré neach eile, Leansa misi, Achd a dubhairt seision, A Thighearna, leigh dhamh imtheachd ar túís agus mathair daghlacadh. 60 Achd a dubhairt Iósa ris, Leíg do na marbhuibh a mairbh féin daghlacadh: achd imthighsi, agus déana rioghachd Dé do sheanmóir. 61 Agus mar an gcéadna a dubhairt neach eile, Leanfuidh misi thú, a Thighearna; Achd leigh dhamh ar tús mo chead do ghabháil, ag am mhuinntir. 62 Achd a dubhairt Iósa ris, Gidh bé neach chureas a lámh ar an gcéuchd, agus fhéachas na dhíaigh, ní bhfuil se iomchubhaidh do ríoghachd Dé.

Copyright information for IriODomhnuill