Luke 1

1Do bhrígh gur ghabhadar mórán do láimh sdair do sgríobhadh air na neithibh agá bhfuil a sáirfhios aguinne, 2Do réir mar thugadar na dáoine do chonnairc lé na súilibh rein ó thús, agus do bhí ag miniosdrálachd na bréithre, dhúinne íad; 3Do chonncas damhsa mar an gceudna, a Theophilus ro oirdheirc, ar bhfagháil feasa iomlan gach uile neithe ó na bhfíorthosach dhamh, a sgríobhadh chugadsa a nórdughadh, 4Do chum go mbía deimhin na mbriathar, do múineadh dhuit agad 5Re linn Iorúaith, rí thire Iúdaighe, do bhí sagart airighe dár bhainm Sacharías, do sheal Abía: agus a bhean dingheanuibh Aaróin, agus, Elísabet do baimn dhi. 6Agus do bhádar a ráon nit ndáoinibh fíreanta a bhfíadhnuisi Dé, ag siobhal go neimhchiontach ann uile aitheantuibh agus órduighthibh an Tighearna. 7Agus ní raíbh, shiochd orrtha, do bhrígh go raibh Elisábet aimrid agus go raibh áois mhór aca ar áon. 8Agus tárla, an tan do bhí sé ag déanamh oifige an tsagairt a bhfiadhnuisi Déann a sheal fein, 9Do réir ghnáthuighthe oifige an tsagairt, go ráinic dhó an túis do losgadh tar éis dul a sdeach go teampoll an Tighearna dhó. 10Agus do bhí coimhthionól an phubail uile ag déanamh úrnuighe a muigh a naimsir na túise. 11Agus do taidhbhreadh dhó aingeal an Tighearna na sheasamh ar an dtáoibh ndeas daltóir na túise. 12Agus ar na fhaicsin do Shacharías, do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus do ghlac eagla é. 13Achd a dubhairt an taingeal ris, Ná bíodh eagla ort, a Shacharías: óir do héisdeadh húrnuighe; agus béaruidh do bhean Elisábet mac dhuit, agus do bhéara tú Eóin mar ainm air. 14Agus budh gáirdeachus agus lúathgháire dhuit é; agus biaidh lúathghaire ar mhóran fa na bhreith. 15Oir bíaidh sé na dhuine mhór a bhfíadhnuisi an Tighearna, agus ni íobha sé fíon na deoch láidir; agus fós bíaidh sé lan don Spiorad Náomh, ó bhroinn a mháthar. 16Agus fillfidh sé mórán do chlannuibh Israél chum an Tighearna a Ndia féin. 17Oir géubhaidh seisean roimhesan a spioraid agus a shubháilce Elias, dfilleadh chroidheadh na naithreach chum na cloinne, agus na neasmhal chum gliocuis na dáoine gcomhthrom; agus dullmhughadh phobuil dhiongmhálta don Tighearna.

18¶ Agus a dubhairt Sacharías ris an aingeal, Cionnas bhías a fhios so agamsa? óir a táim um dhuine arsuidh, agus a tá áois mhór ag am mhnáoi. 19Agus ar bhfreagra don aingeal a dubhairt sé ris, Is misi Gabríel, sheasas a bhfíadhnuisi Dé; agus do cuireadh mé do labhairt riotsa, agus dinnsin na núaidheachd maith so dhuit. 20Agus, féuch, bíaidh tú gan úrlabhra, agus ní bá héidir leachd labhairt, go soithe an lá an a dtiocfaid na neithe so chum críche, do bhrígh nar chréid tu dom bhríathraibhsi, noch coimhlíonfuighear na nam féin. 21Agus do bhí an pobal ag fuireach ré Sacharías, agus do biongnadh léo an fad do fhan sé sa teampoll. 22Agus ar ndul a mach dhó, nír bhéidir leis labhairt ríu: agus do aithnigheadar go bhfacaidh sé taidhbhsi sa teampoll: óir do sméid sé orrtha, agus do fhan sé balbh. 23Agus tárla dhó, an tan do coimhlionadh laéthe a mhiniosdrálachda, go ndeachaidh sé dhá thigh féin.

24¶ Agus tar éis na laethesi, do toirrcheadh Elisabet a bheansân, agus do fholaigh si í féin ar feadh chuig mios, ag rádh, 25Oír is mar so do rinne an Tighearna rium ann sna laethibh an ar fhéuch sé oram, do thógbháil mo neimhcheana dhiom a measg na ndáoine.

26¶ Agus an sa seisiodh mi, do cuireadh an taingeall Gabríel ó Dhía go cathruigh don Ghalilé, dár bainm Násaret, 27Dionnsuighe óighe ar a raibh ceart ag fear do thigh Dháibhí, dár aínm Ióseph; agus do bé do bainm do nóigh, Muire. 28Agus ar ndul a sdeach dit hionnsuighe do naingeal, a dubhairt se, Dia do bheatha a ógh roghrásamhuil: a tá an Tighearna maille riot: is beannuighe thú eidir na mnáibh. 29Agus an tan do chonnairc sí é, do bhí sí ar na búaidhreadh fá na bhriathraibh, agus do bhí sí ag smúaineadh créd an ghné bheannughtheaso. 30Agus a dubhairt an taineal ria, Ná bíodh eagla ort, a Mhuire: óir fúair tú grása ó Dhía. 31Agus, féuch, bíaidh tú torrach ad bhruinn, agus béaraidh tú mac, agus do bhéara tú IOSA dainm air. 32Bíaidh se mór, agus goirfidhear Mac an té is Airde dhe: agus do bhéura an Tighearna Día caithír Dháibhí, athar féin dhó. 33Agus bíaidh sé na righ ar thigh Iácob go bráth; agus ní bhía deireadh ar a ríoghachd. 34Agus a dubhairt Muire ris a naingeal, Cionnas bhías so, óir ní bhfuil fios fir agamsa? 35Agus ar bhfreagra do naingeal a dubhairt se ría, Tuirléonguidh an Spiorad Náomh ort, agus foiléochaidh cumhachda an té as Airde thú: uime sin an ní náomhtha bhéaras tú goirfighear Mac Dé dhe. 36Agus, féuch, Elisabet do shiur, a tá sisi leis torrach air mhac ann a hárrsuigheachd: agus is sé so an seisiodh mí don mhnáoi úd, dá ngoirthear bean aimrid. 37Oír ní bhía ní ar bith doidhéunta do Dhia. 38Agus a dubhairt Muire, Féuch, banóglach an Tighearna; teagmhadh dhamhsa do réir do bhréithrisi. Agus do imthigh an taingeal úaithe.

39¶ Agus an tan do éirigh Muire ann sna laéthibh sin, do chúaidh sí go dheíthneasach chois sléibhe, go cathraigh Iúda; 40Agus do chúaidh sí a steach go tigh Shacharías, agus do bheannaigh si Délisabet. 41Agus tarla, mar do chúalaidh Elisabet beannughadh Mhuire, gur bhíog an náoidheanán ann a broinn; agus do bhí Elisábet air na líonadh don Spiorad Naomh. 42Agus do éigh sí do ghuth mhór, agus a dubhairt si, Is beannaighthe thú eidir na mnáibh, agus is beannaighthe toradh do bhronn, 43Agus cionnus do éirigh so dhamsa, go dtiocfadh matháir mo Thighearna féin chugam? 44Oir, féueh, comhlúath is tháinic fúaim do bheannaighthe am chlúasaibh, do bhíog an náoidheanán lé gáirdeachus ann mo bhroinn. 45Agus is beannaighthe au bhean do chreid: óir coimhlionfuidhear na neithe do gheall an Tighearna dhi.

46¶ Agus a dubhairt Muire, Adhmolaidh manam an Tighearna, 47Agus do ní mo spiorad gáirdeachus a Ndía mó Shlánuightheóir. 48Do bhrígh gur fhéuch sé ar úmhla a bhanóglaighe féin: oír, féuch, ó so súas goirfid na huile chine beannuighthe dhíom. 49Oir do rinne an té a tá cumhachdach neithe móra dhamhsa, agos is náomhtha a ainm. 50Agus a tá a thrócaire ó dhíne go díne don dréim ar a bhfuil a eagla. 51Do rinne sé gníomh láidir lé na láimh; do spréigh sé na dáoine úraibhreacha a smúaintighe a gcroidheadh féin. 52Do tharruing sé na dáoine cumhachdacha as a gcaithiribh, agus do árduigh sé na dáoine umhla. 53Do líon sé na dáoine ocracha lé, neithibh maithe; agus do chuir sé úadh na dáoine saidhbhre folumh. 54Do thóg sé súas Israél a shearbhfhoghantuidhe féin, do chuimhniughadh ar a thrócaire; 55(Mar do labhair sé ré ar naith-reachuibh, Abraham, agus ré na shíol go bráth.) 56Agus do fhan Muire na fochair timcheall thrí míos, agus do fhill sí dhá tigh féin.

57¶ Agus táinic ionbhuidh Elisabet ion ar mhídhid dhigh breath; agus rug sí mac. 58Agus do chúaladar a comharsain agus a dáoine gáoil, gur fhoillsigh an Tigh­earna a thrócaire mhór féin di; agus do rinneadar gáirdeachus má ráon ria. 59Agus tárrla, go dtangadar air a nochdmhadh lá do chum go ndéanaídís an náoidhe do thimcheallghearrádh; agus do ghoireadar Sacharias de, do reir anma a athair. 60Achd ar bhfreagra dhá mháthair a dubhairt sí, Ni hámhluidh bhías; achd Eóin goirfidhear dhe. 61Agus a dubhradar ría, Ní bhfuil éannduine dod chineadh dá ngoirthear an tainmsi. 62Agus do rinneadar comhartha dhá athair, créd an tainm bá mían leis do thabhairt air. 63Agus ar níarruidh cláir sgriobhtha dhosan, do sgríobh sé, ag rádh, Is Eóin is ainm dhó. Agus do ghabh iongantus íad uile. 64Agus ar an mball do hosgladh a bhéulsan, agus a theanga, agus do labhair sé, ag moladb Dé. 65Agus do ghabh eagla a gcomharsuin uile: agus do haithriseadh na neithe so uile chois tsléibhe thíre Iúdaighe uile. 66Agus gach uile dhuine dhá gcúalaidh sin, do chuireadar a dtaisgidh an a gcroidh­thibh féin iad, ag rádh, Créd é an sórt leinibh bhias so! Agus do bhí lámh an Tighearna maille ris. 67Agus do bhí Sacharías athair, lán don Spíorad Náomh, agus do rinne sé faidheadóireachd ag rádh, 68Go madh beannaighe au Tighearna Día Israel; ar son gur fhiosruigh sé agus gur fhúasgail sé a phobal féin, 69Augs do thóg sé súas adharc na sláinte dhúinne a dtigh Dháibhi a shearbh­fhoghantuidhe féin; 70Do réir mar do labhair sé tré bhéul a fháidheadh náomhtha féin, do bhí ann ó thús an domáin: 71Ga gcuimhdéochadh sé sinn ó ar ­naimhdibh, agus ó láimh gach uile dhuine agá bhfuil fúath dhuinn; 72Go ndéanadh sé trócaire air ar naith­reachuibh, agus go gcuimbnéochadh sé a thiomna náomhtha féin;­ 73Agus ar an mionna lé a dtug sé móid Dábrahám ar nathairne, go dtiubhradh sé dhúinn, 74Go mbémís gan eagla air ar sáoradh ó láimh ar námhad do chum seirbhisi do déanamh dhó féin, 75A náomhthachd agus a bhfíréantacld na fhíadhnuisiséan, a laéthibh ar mbeatha uile. 76Agus tusa, a leinibh, goirfithear diot faídh an té as Airde: óir rachuidh tú roimh aghaidh an Thighearna dullmhughadh a shligheadh; 77Do thabhairt éolus na sláinte dá phobal tré mhaitheamhnus na bpeacadh, 78Tré thrócaire ro mhóir ar Ndia féin; lér fhiosruigh sinn ag éirghe ón ionad árd, 79Do thabhairt soillsi don droing do bhí na suidhe a ndorchadas agus a sgáile ­an bháis, agus do dhíorghadh ar gcos a slighe na síothchána. 80Agus do fhás an leanabh, agus do neartuigheadh é a spíoruid, agus do bhí sé ar na fásuighibh go soithe an lá an ar fhoillsigh sé é féin Dísraél.

Eolas cóipchirt IriODomhnuill